Tiomna Nua

Gníomhartha 25:24-27 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

24. Agus dúirt Festus, “A Rí Agrippa agus a lucht éisteachta uile, feiceann sibh romhaibh an fear sin ar chuir an cine Giúdach uile achainí orm ina thaobh in Iarúsailéim agus anseo, agus iad ag scairteadh os ard nár chóir ligean dó bheith beo.

25. Ach ní fhacthas domsa rud ar bith a thuill an bás a bheith déanta aige; agus ó chuir sé féin isteach achomharc don impire, shocraigh mé féin ar é a chur chuige.

26. Ach níl aon ní áirithe agam lena scríobh chuig mo thiarna ina thaobh. Dá bhrí sin thug mé os bhur gcoinne é, agus go háirithe os do choinne, a Rí Agrippa, ionas go gcuirimid scrúdú air, agus go mbeidh rud éigin agam lena chur i scríbhinn.

27. Mar feictear domsa gur díchéillí an gníomh é príosúnach a chur uaim gan na cúiseanna a chuirtear ina éadan a nochtadh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 25