16. Ba é mo fhreagra nár ghnách leis na Rómhánaigh aon duine a thabhairt uathu go mbíonn faill ag an gcúisí amharc idir dhá shúil ar lucht a gcúisithe, agus faill aige é féin a chosaint ar a gcuirtear ina leith.
17. Mar sin nuair a tháinig siad le chéile anseo ní dhearna mé aon mhoill, ach chuaigh mé i mo shuí ar an mbinse agus d'ordaigh mé an duine a thabhairt i láthair.
18. Nuair a sheas lucht an chúisithe suas, níor chuir siad aon drochchoir ina leith den sórt a raibh mé ag dréim leo;
19. mar ní raibh ann acu ach mionphointí áirithe faoina gcreideamh piseogach féin agus faoi dhuine a raibh Íosa mar ainm air, a bhí marbh, ach a raibh Pól ag tabhairt an leabhair go bhfuil sé beo.
20. Ó chuaigh díom a thuiscint conas a d'fhéadfaí ceisteanna mar sin a mhion-scrúdú, d'fhiafraigh mé de an raibh sé toilteanach le dul suas go hIarúsailéim go gcuirtí cúirt air ansin ina dtaobh.
21. Ach nuair a chuir Pól isteach achomharc a bheith á choinneáil sa phríosún go dtabharfadh an t‑impire breithiúnas ar a chás, d'ordaigh mé é a choinneáil go dtí go bhféadfainn a chur uaim chuig Caesar.”
22. Arsa Agrippa le Festus, “Ba mhaith liom an fear a chluinstin le mo chluasa féin.” Agus d'fhreagair seisean, “Cluinfidh tú amárach é.”
23. Mar sin tháinig Agrippa agus Berníce le mustar mór, agus chuaigh siad isteach i halla na héisteachta, iad agus na treabhainn mhíleata agus lucht chéimíocht na cathrach. Tugadh Pól i láthair ansin le hordú Fhestuis.