1. Nuair a tháinig Festus go dtí an cúige a bhi faoi, chuaigh sé suas tar éis tri lá ó Chaesaríá go hIarúsailéim.
2. Agus rinne ardsagairt agus maithe na nGiúdach scéal ar Phól leis; agus d'iarr siad
3. mar impí agus mar achainí air é a chur uaidh go hIarúsailéim, agus iad ag déanamh luíocháin roimhe lena mharú ar an mbealach.
4. D'fhreagair Festus go raibh Pól á choinneáil i gCaesaríá, agus go raibh sé ar intinn aige féin dul ansin roimh i bhfad.
5. “Mar sin,” ar seisean, “téadh an lucht atá i gceannas eadraibh síos i mo chuideachta, agus má tá aon rud as an tslí déanta aige, cuiridís cúis air.”
6. Nuair nach raibh ní ba mhó ná a hocht nó a deich de laethanta caite aige ina measc, chuaigh sé síos go Caesaríá; agus lá arna mhárach shuigh sé ar bhinse an bhreithiúnais agus d'ordaigh Pól a thabhairt i láthair.
7. Agus nuair a tháinig sé, sheas na Giúdaigh a tháinig anuas as Iarúsailéim thart timpeall air, agus luaigh siad mórán coireanna troma nár fhéad siad a gcruthú ina aghaidh.
8. Dúirt Pól á chosaint féin, “Níl an choir is lú orm in aghaidh dhlí na nGiúdach, ná in aghaidh an teampaill ná in aghaidh Chaesair.”
9. Ach ó ba mhian le Festus gnaoi na nGiúdach a fháil, d'fhiafraigh sé de Phól, “An bhfuil tú toilteanach le dul suas go hIarúsailéim, go gcuirtear cúirt ort os mo chomhairse i dtaobh na gcúiseanna seo?”
10. Ach is é a dúirt Pol, “Tíim i mo sheasamh os coinne bhinse Chaesair, agus sin an áit is cóir cúirt a chur orm; tá a dhea-fhios agat féin nach bhfuil aon dochar ná dolaidh déanta agam ar na Giúdaigh.
11. Más coirpeach mé nó má tá aon ní déanta agam a thuilleas bás, níl mé ag iarraidh éalú ón mbás; ach mura bhfuil aon bhun lena gcuireann siad i mo leith, ní fhéadann duine ar bith mé a chur ina lámha. Cuirim m'achomharc ar Chaesar.”
12. D'fhreagair Festus ansin, i ndiaidh labhairt air lena lucht comhairle, “Ó chuir tú d'achomharc ar Chaesar, is chuig Caesar a rachas tú.”