Tiomna Nua

Gníomhartha 24:5-15 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

5. Tá aithne againn ar an duine seo mar dhuine dochrach díobhálach, a bhíos ag cur iaróige ina suí i measc a bhfuil de Ghiúdaigh ar fud na cruinne, agus é ina cheann feadhna ar sheict na Nasarthach.

6. Thug sé iarraidh ar an teampall féin a shárú, ach rugamar air

8. Nil le déanamh agaibh ach an t‑eolas a bhaint as i dtaobh gach uile ní a bhfuilimid á chúiseamh fúthu.”

9. D'aontaigh na Giúdaigh leis an gcúiseamh seo freisin, ag dearbhú go raibh sin uile amhlaidh.

10. Agus nuair a rinne an t‑uachtarán comhartha leis le labhairt, d'fhreagair Pól:“Tá áthas orm a bheith do mo chosaint féin os do chomhairse atá i do bhreitheamh le tamall fada os cionn an chine seo againne.

11. Mar is féidir leat a dheimhniú, níl sé ach dhá lá dhéag ó chuaigh mé suas go hIarúsailéim le bheith ag adhradh Dé;

12. agus ní raibh mé le fail acu ag díospóireacht le haon duine, ná ag spreagadh slua, sa teampall, ná sna sionagóga, ná sa chathair.

13. Ni fhéadann siad ach oiread aon ní a chruthú atá á rá anois acu i m'éadan.

14. Ach admhaím an méid seo leat, go mbím ag adhradh an Dé a bhí ag ár sinsir romhainn, de réir na Slí a dtugann siad seict uirthi, agus go gcreidim gach ní atá curtha síos sa dlí nó scríofa i leabhair na bhfáithe,

15. agus go bhfuil an dóchas as Dia agam a nglacann siad féin leis, go mbeidh aiséirí fíréan agus neamhfhíréan ann.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 24