1. Agus nuair a chuaigh cúig lá thart tháinig an t-ardsagart anuas é féin agus seanóirí áirithe agus duine darbh ainm Tertullus le labhairt thar a gceann. Chúisigh siad Pól os comhair an uachtaráin;
2. agus nuair a glaodh air, chuaigh Tertullus á chúiseamh, agus is é a dúirt sé:“Ós tríbh a bhíos só agus síocháin againn, agus ó nach é bhur ndearmad, a Fhelix dhearscnaí, cuimhneamh ar gach cineál athchóirithe a bhíos le leas an chine seo,
3. bimid ag glacadh leis sin uaibh go buíoch beannachtach ar gach aon slí i ngach uile áit.
4. Ach de gheall ar gan bhur gcuid ama a chur amú níos faide, táim ag iarraidh oraibh cineál a dhéanamh orainn trí éisteacht linn.
5. Tá aithne againn ar an duine seo mar dhuine dochrach díobhálach, a bhíos ag cur iaróige ina suí i measc a bhfuil de Ghiúdaigh ar fud na cruinne, agus é ina cheann feadhna ar sheict na Nasarthach.
6. Thug sé iarraidh ar an teampall féin a shárú, ach rugamar air
8. Nil le déanamh agaibh ach an t‑eolas a bhaint as i dtaobh gach uile ní a bhfuilimid á chúiseamh fúthu.”
9. D'aontaigh na Giúdaigh leis an gcúiseamh seo freisin, ag dearbhú go raibh sin uile amhlaidh.