Tiomna Nua

Gníomhartha 22:12-25 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

12. “Agus bhí duine darbh ainm Ananias, a bhí ina fhear cráifeach de réir an dlí, a raibh dea-iomrá air ag na Giúdaigh uile a bhí ina gcónaí ann,

13. a tháinig chugam, agus a sheas le mo thaobh agus a dúirt liom, ‘A bhráthair Sáúl, bíodh amharc do shúl agat.’ Agus san am sin fuair mé m'amharc agus chonaic mo shúile é.

14. Agus dúirt sé, ‘D'ordaigh Dia ár sinsear duitse fios a thola a fháil, agus Fíréan na bhfíréan a fheiceáil agus fuaim bhriathra a bhéil a cluinstin;

15. mar beidh tú mar fhinné aige os comhair daoine ar a bhfaca agus arar chuala tú.

16. Agus anois cad é an mhoill sin ort? Éirigh agus glac baiste, agus nigh díot do pheacaí, ag glaoch ar a ainmsean.’

17. “Nuair a bhí mé ag urnaí sa teampall tar éis filleadh ar Iarúsailéim, thit támhnéal orm

18. ina bhfaca mé é ag rá liom, ‘Déan deifir agus éalaigh leat as Iarúsailéim, mar ní ghlacfaidh siad le d'fhianaise i mo thaobh.’

19. Agus dúirt mé, ‘A Thiarna, tá a fhios acu féin go mbínn ag bualadh an dreama a chreid ionat i ngach sionagóg agus á gcur i bpríosún.

20. Agus nuair a bhíothas ag doirteadh fhuil Stiofáin, d'fhinné, bhí mise i mo sheasamh ag amharc air, agus mé ag aontú leis, agus ag coimeád éadaí lucht a mharaithe.’

21. Agus ar seisean liom, ‘Imigh; mar tá fúm tú a chur i bhfad as seo chuig na Gintlithe.’”

22. D'éist siad leis chomh fada leis an bhfocal sin; ach ansin d'ardaigh siad a nglórtha agus dúirt siad, “Ba chóir a leithéid de dhuine a scriosadh de dhroim an talaimh! Mar ní ceart a fhágáil in a bheatha.”

23. Agus nuair a chuaigh siad ag béiceadh agus ag cur a gcuid éadaí ag foluain ar ghaoth agus ag caitheamh deannaigh suas san aer,

24. d'ordaigh an treabhann a thabhairt isteach chun na beairice, agus eolas a bhaint as leis an sciúirse, de gheall ar a fháil amach cad é a thug orthu gáir mar sin a thógáil ina éadan.

25. Ach nuair a bhíothas ag teannadh na dtéad air, d'fhiafraigh Pól den cheantúira a bhí ina sheasamh dá chomhair, “An bhfuil sé dleathach agaibh fear atá ina shaoránach Rómhánach a sciúrsáil, agus gan coir ina éadan?”

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 22