Tiomna Nua

Gníomhartha 22:1-9 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. “A bhráithre agus a aithreacha, éistigí leis na briathra seo uaim do mo chosaint féin.”

2. Agus nuair a chuala siad é ag caint leo sa teanga Eabhrach, is móide a d'fhan siad ina dtost. Agus dúirt sé:

3. “Is Giúdach mé, a tháinig ar an saol i dTarsus i gCilicia, ach a oileadh sa chathair seo ag cosa Ghamáliel, ar tugadh oideachas dó go cruinn beacht i ndlí ár sinsear, agus an dúthracht chéanna ar son Dé agus atá ionaibh uile an lá seo.

4. Chuir mé géarleanúint ar an tSlí seo go bás, agus mé ag ceangal fear agus ban agus á gcaitheamh i bpríosún,

5. agus fágaim a fhianaise sin ar an ardsagart agus ar chomhairle uile na seanóirí. Fuair mé litreacha chuig na bráithre uathusan, agus rinne mé aistear go dtí an Damaisc leis an dream a bhí ansin a ghabháil freisin, agus iad a thabhairt i ngeimhle go hIarúsailéim go gcuirtí pionós orthu.

6. “Nuair a bhí mé ar m'aistear agus mé ag teacht cóngarach don Damaisc, i dtrátha lár an lae lonraigh mórsholas ó neamh go tobann i mo thimpeall.

7. Agus thit mé go talamh, agus chuala mé an glór ag rá liom, ‘A Sháúl, a Sháúl, cad chuige a mbíonn tú do mo ghéarleanúint?’

8. Agus d'fhreagair mé, ‘Cé tú féin, a Thiarna?’ Agus dúirt sé liom, ‘Is mise Íosa as Nasair a mbíonn tú á ghéarleanúint’.

9. Anois an dream a bhí i mo chuideachta chonaic siad an solas, ach níor chuala siad glór an té sin a bhí ag labhairt liom.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 22