Tiomna Nua

Gníomhartha 21:5-16 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

5. Agus nuair a bhí deireadh leis an dornán laethanta a chaitheamar ansin, d'imíomar i gcionn ár n‑aistir; agus iad uile ár gcomóradh lena mná agus a bpáistí go rabhamar taobh amuigh den chathair; agus chuamar ar ár nglúine ar ghaineamh na trá agus rinneamar urnaí agus d'fhágamar slán agus beannacht ag a chéile.

6. Chuamar féin ar bhord na loinge ansin, agus d'fhill siadsan abhaile.

7. Nuair a chuireamar críoch ar ár n‑aistear farraige as an Tior, shroicheamar Ptolemáis; agus bheannaíomar do na bráithre, agus chaitheamar aon lá amháin leo.

8. D'imíomar lá arna mhárach agus thángamar go Caesaríá; agus chuamar go teach Philib an soiscéalaí, a bhí ina dhuine den mhór-sheisear, agus d'fhanamar aigesean.

9. Bhi ceathrar iníon neamhphósta aigesean a dhéanadh fáidheadóireacht.

10. Nuair a bhíomar tamall de laethanta ag fanacht ansin, tháinig fáidh darbh ainm Agabus anuas as Iúdaea.

11. Ag teacht chugainn dó, ghlac sé crios Phóil gur cheangail sé a chosa agus a lámha féin, agus dúirt sé, “Is é a deir an Spiorad Naomh, ‘Is mar seo a cheanglós na Giúdaigh in Iarúsailéim an fear ar leis an crios seo, agus cuirfidh siad i lámha na nGintlithe é.

12. Nuair a chualamar sin, d'agraíomarna agus na daoine a bhí ansin air gan dul suas go hIarúsailéim.

13. D'fhreagair Pól ansin, “Cad é atá sibh a dhéanamh, ag caoineadh agus ag briseadh mo chroí? Mar táim sásta ní hamháin le dul i bpríosún ach le bás a fháil in Iarúsailéim ar son ainm an Tiarna Íosa.”

14. Agus nuair a chonaiceamar nach raibh maith ann dúinn bheith ag cur comhairle air, chuireamar suas de, agus dúramar, “Toil an Tiarna go ndéantar.”

15. Nuair a chuaigh na laethanta úd thart, rinneamar réidh agus chuamar suas go hIarúsailéim.

16. Agus chuaigh cuid de na deisceabail as Caesaríá linn, ár gcomóradh chomh fada le teach Mnasoin, as an gCipir, a bhí ina dheisceabal ariamh anall, agus a rabhamar le lóistín a fháil aige.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 21