Tiomna Nua

Gníomhartha 21:5-15 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

5. Agus nuair a bhí deireadh leis an dornán laethanta a chaitheamar ansin, d'imíomar i gcionn ár n‑aistir; agus iad uile ár gcomóradh lena mná agus a bpáistí go rabhamar taobh amuigh den chathair; agus chuamar ar ár nglúine ar ghaineamh na trá agus rinneamar urnaí agus d'fhágamar slán agus beannacht ag a chéile.

6. Chuamar féin ar bhord na loinge ansin, agus d'fhill siadsan abhaile.

7. Nuair a chuireamar críoch ar ár n‑aistear farraige as an Tior, shroicheamar Ptolemáis; agus bheannaíomar do na bráithre, agus chaitheamar aon lá amháin leo.

8. D'imíomar lá arna mhárach agus thángamar go Caesaríá; agus chuamar go teach Philib an soiscéalaí, a bhí ina dhuine den mhór-sheisear, agus d'fhanamar aigesean.

9. Bhi ceathrar iníon neamhphósta aigesean a dhéanadh fáidheadóireacht.

10. Nuair a bhíomar tamall de laethanta ag fanacht ansin, tháinig fáidh darbh ainm Agabus anuas as Iúdaea.

11. Ag teacht chugainn dó, ghlac sé crios Phóil gur cheangail sé a chosa agus a lámha féin, agus dúirt sé, “Is é a deir an Spiorad Naomh, ‘Is mar seo a cheanglós na Giúdaigh in Iarúsailéim an fear ar leis an crios seo, agus cuirfidh siad i lámha na nGintlithe é.

12. Nuair a chualamar sin, d'agraíomarna agus na daoine a bhí ansin air gan dul suas go hIarúsailéim.

13. D'fhreagair Pól ansin, “Cad é atá sibh a dhéanamh, ag caoineadh agus ag briseadh mo chroí? Mar táim sásta ní hamháin le dul i bpríosún ach le bás a fháil in Iarúsailéim ar son ainm an Tiarna Íosa.”

14. Agus nuair a chonaiceamar nach raibh maith ann dúinn bheith ag cur comhairle air, chuireamar suas de, agus dúramar, “Toil an Tiarna go ndéantar.”

15. Nuair a chuaigh na laethanta úd thart, rinneamar réidh agus chuamar suas go hIarúsailéim.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 21