Tiomna Nua

Gníomhartha 21:26-37 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

26. Ghlac Pól leis na fir, agus d'íonghlan sé é féin leo lá arna mhárach agus chuaigh sé isteach sa teampall, le fógra a thabhairt faoi cá huair a chuirfí críoch le laethanta an íonghlanta agus a d'ofrálfaí íobairt le haghaidh gach duine acu.

27. Nuair a bhí na seacht lá i ngar do bheith críochnaithe, shéid na Giúdaigh as an Áise, a bhí i ndiaidh é a fheiceáil sa teampall, faoin slua uile, agus leag siad lámha air,

28. agus iad ag scairteadh, “A fheara Iosrael, cabhair! Seo an fear a bhíos ag tabhairt teagaisc do na daoine san uile áit atá in aghaidh an phobail is againne agus in aghaidh an dlí agus in aghaidh na háite seo; agus lena chois sin thug sé Gréagaigh isteach sa teampall, agus tá an áit naofa seo truaillithe aige.”

29. Mar roimhe sin chonaic siad Trófimus an tEiféiseach ina chuideachta sa chathair, agus shíl siad gur thug Pól isteach sa teampall é.

30. Bhi corraí ann ansin ar fud na cathrach, agus na daoine ag rith le chéile; rug siad ar Phól gur tharraing amach as an teampall é, agus dúnadh na geataí ar an toirt.

31. Agus nuair a bhí siad ag iarraidh é a mharú, tháinig an scéal chuig treabhann an chohóirt go raibh Iarúsailéim uile ina chíorthuathal.

32. Ar an bpointe thug sé saighdiúirí agus ceantúirí leis, agus rith sé síos chucu; agus nuair a chonaic siad an treabhann agus na saighdiúirí chucu, stad siad de bheith ag bualadh Phóil.

33. Tháinig an treabhann aníos ansin agus ghabh sé é, agus thug sé ordú a cheangal le dhá shlabhra. D'fhiafraigh sé cé bhí ann agus cad é a bhí déanta aige.

34. Ansin bhí cuid den slua á rá seo agus cuid eile á rá siúd in ard a gcinn; agus ó nár fhéad sé fírinne an scéil a fháil de bharr an challáin, d'ordaigh sé a thabhairt isteach go beairic na saighdiúirí.

35. Agus nuair a tháinig sé go dtí an staighre, b'éigean do na saighdiúirí a iompar, bhí an slua chomh fíochmhar sin;

36. mar bhí slua daoine á leanúint agus iad ag scairteadh, “Cuirigí den saol é!”

37. Nuair a bhíothas ar tí Pól a thabhairt isteach sa bheairic, ar seisean leis an treabhann, “Cogar mé seo leat, le do thoil,” agus dúirt sé leis, “An féidir go bhfuil an Ghréigis agat?

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 21