Tiomna Nua

Gníomhartha 21:1-9 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Scaramar mar sin leo agus chrochamar ár seolta in airde, agus rinneamar caol díreach ar Chós, agus thángamar go Ródés an lá ina dhiaidh sin, agus as sin go Patára.

2. Thángamar ansin ar long a bhí le dul trasna na farraige go Féinícia, agus chuamar ar bhord agus sheolamar uirthi.

3. Nuair a nocht an Chipir dúinn, d'fhágamar ar ár mbord clé í ag déanamh ar an tSír, agus thángamar i dtír ag Tior; mar ba ansin a bhí ar an long a lasta a dhíluchtú.

4. Chuamar ar thuairisc na ndeisceabal ansin, agus d'fhanamar seacht lá acu. Thug siad rabhadh ó bhéal an Spioraid á rá le Pól gan dul ar aghaidh go hIarúsailéim.

5. Agus nuair a bhí deireadh leis an dornán laethanta a chaitheamar ansin, d'imíomar i gcionn ár n‑aistir; agus iad uile ár gcomóradh lena mná agus a bpáistí go rabhamar taobh amuigh den chathair; agus chuamar ar ár nglúine ar ghaineamh na trá agus rinneamar urnaí agus d'fhágamar slán agus beannacht ag a chéile.

6. Chuamar féin ar bhord na loinge ansin, agus d'fhill siadsan abhaile.

7. Nuair a chuireamar críoch ar ár n‑aistear farraige as an Tior, shroicheamar Ptolemáis; agus bheannaíomar do na bráithre, agus chaitheamar aon lá amháin leo.

8. D'imíomar lá arna mhárach agus thángamar go Caesaríá; agus chuamar go teach Philib an soiscéalaí, a bhí ina dhuine den mhór-sheisear, agus d'fhanamar aigesean.

9. Bhi ceathrar iníon neamhphósta aigesean a dhéanadh fáidheadóireacht.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 21