Tiomna Nua

Gníomhartha 20:9-25 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

9. Bhí ógánach a raibh Euticus mar ainm air ina shuí i mbéal na fuinneoige. Thit codladh trom air nuair a lean Pól leis ag caint a thuilleadh; agus bhí sé chomh cloíte ag an gcodladh gur thit sé go talamh as tríú hurlár an tí, agus tógadh é agus é maol marbh.

10. Ach tháinig Pól anuas agus chrom sé síos, agus shnaidhm é féin ann, agus dúirt sé, “Ná bíodh aon fhaitíos oraibh, mar tá an t‑anam ann.”

11. Chuaigh Pól suas ansin, le harán a bhriseadh agus bia a chaitheamh, agus chaith sé mórán ama ag comhrá leo, go breacadh an lae, agus d'imigh sé ansin.

12. Agus thug siad an stócach abhaile leo agus é beo, agus ní beag an tógáil chroí a fuair siad.

13. Ach chuamarna ar aghaidh linn go dtí an long, agus chrochamar na seolta le dul go hAssos, agus rún againn Pól a thógáil ar bord ansin, mar ba é sin a bhí socraithe aige, ó bhí sé ar intinn aige an fad sin a shiúl de chois.

14. Nuair a tháinig sé chugainn in Assos, thógamar ar bord é agus chuamar go Mitiléné.

15. Sheolamar as sin an lá ina dhiaidh sin gur thángamar os coinne Chíos; an lá ina dhiaidh sin thángamar i gcaladh i Sámós; agus i ndiaidh lae eile shroicheamar Milétus.

16. Mar bhí sé ar intinn ag Pól seoladh ar aghaidh thar an Eiféis, ionas nach mbeadh air aon am a chaitheamh san Áise; mar bhí deifir air, agus é ar a dhicheall, dá mb'fhéidir é, bheith in Iarúsailéim le haghaidh na Cincíse.

17. Ach nuair a bhí sé i Milétus, chuir sé teachtaireacht go dtí an Eiféis ag cur feasa ar chruifreacha na heaglaise.

18. Agus nuair a tháinig siad chuige, is é a dúirt sé leo: “Tá a fhios agaibh féin cad é an sórt beatha a chaith mé in bhur measc i gcónaí ón gcéad lá a leag mé mo chos ar thalamh na hÁise,

19. ag déanamh obair an Tiarna le humhlaíocht m'aigne agus le deora agus leis an angar a tháinig orm ó chomhcheilg na nGiúdach;

20. agus tá a fhios agaibh nár cheil mé oraibh aon ní a bhí le leas bhur n‑anamacha, do bhur dteagasc i lúb chruinnithe agus faoi dhíon tí,

21. agus ag foilsiú aithreachais os comhair Dé agus creidimh inár dTiarna Íosa Críost do Ghiúdaigh agus do Ghréagaigh.

22. Agus seo anois ar mo bhealach go hIarúsailéim mé, ó chuir an Spiorad de cheangal orm é, agus gan fhios agam cad é a thiocfas orm ansin;

23. ach amháin go mbítear ag dearbhú dom i ngach cathair ó bhéal an Spioraid Naoimh go bhfuil braighdeanas agus buairt i ndán dom.

24. Ach is beag is fiú liom mo bheo féin, agus is fada liom go gcríochnaí mé mo chúrsa agus an dualgas atá curtha orm ag an Tiarna, ag tabhairt fianaise ar shoiscéal ghrásta Dé.

25. Agus tuigigí anois, go bhfuil fhios agam nach bhfeicfidh sibh mo ghnúis arís, sibhse a mbínn ag dul eadraibh ag seanmóireacht na ríochta.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 20