Tiomna Nua

Gníomhartha 20:6-14 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

6. ach sheolamarna as Filipí i ndiaidh laethanta an Aráin gan Laibhín agus thángamar chucu i dTróas i seal cúig lá, gur chaitheamar seacht lá ansin.

7. An chéad lá den tseachtain, nuair a bhíomar cruinn leis an arán a bhriseadh, bhí Pól ag comhrá leo, ó bhí rún aige imeacht an lá arna mhárach; agus lean sé dá chaint go dtí meán na hoíche.

8. Bhí mórán lampaí lasta sa seomra in uachtar tí mar a rabhamar cruinnithe.

9. Bhí ógánach a raibh Euticus mar ainm air ina shuí i mbéal na fuinneoige. Thit codladh trom air nuair a lean Pól leis ag caint a thuilleadh; agus bhí sé chomh cloíte ag an gcodladh gur thit sé go talamh as tríú hurlár an tí, agus tógadh é agus é maol marbh.

10. Ach tháinig Pól anuas agus chrom sé síos, agus shnaidhm é féin ann, agus dúirt sé, “Ná bíodh aon fhaitíos oraibh, mar tá an t‑anam ann.”

11. Chuaigh Pól suas ansin, le harán a bhriseadh agus bia a chaitheamh, agus chaith sé mórán ama ag comhrá leo, go breacadh an lae, agus d'imigh sé ansin.

12. Agus thug siad an stócach abhaile leo agus é beo, agus ní beag an tógáil chroí a fuair siad.

13. Ach chuamarna ar aghaidh linn go dtí an long, agus chrochamar na seolta le dul go hAssos, agus rún againn Pól a thógáil ar bord ansin, mar ba é sin a bhí socraithe aige, ó bhí sé ar intinn aige an fad sin a shiúl de chois.

14. Nuair a tháinig sé chugainn in Assos, thógamar ar bord é agus chuamar go Mitiléné.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 20