Tiomna Nua

Gníomhartha 20:36-38 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

36. Nuair a bhí an méid sin ráite aige, chuaigh sé ar a ghlúine agus rinne sé urnaí é féin agus an t‑iomlán acu.

37. Agus chuaigh siad uile ag caoineadh agus á snaidhmeadh féin i bPól agus á phógadh,

38. agus ba é an chúis ba mhó lena mbrón an focal a bhí ráite aige, nach bhfaighidís an dara hamharc ar a ghnúis-sean. Agus thug siad comóradh dó chomh fada leis an long.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 20