Tiomna Nua

Gníomhartha 20:32-38 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

32. Agus anois cuirim ar choimirce Dé sibh agus fágaim sibh ar chúram bhriathar a ghrásta-san; ar féidir leis cothú spioradálta a chur ionaibh agus an oidhreacht a thabhairt daoibh i measc an dreama atá naomhaithe.

33. Ni shantaínn an t‑airgead ná an t‑ór ná an t‑éadach a bhí ag aon duine.

34. Tá a dhea-fhios agaibh féin go mbíodh na lámha seo agam ag saothrú le haghaidh mo riachtanas féin agus le haghaidh riachtanas na ndaoine a bhíodh i mo chuideachta.

35. Bhínn ar gach dóigh ag taispeáint daoibh go gcaithfear saothrú mar seo le cuidiú a thabhairt don duine lag, ag cuimhneamh ar bhriathra an Tiarna Íosa agus ar an rá sin óna bhéal féin, ‘Is móide is beannaithe tú as bheith ag tabhairt uait ná as bheith ag bailiú chugat.’”

36. Nuair a bhí an méid sin ráite aige, chuaigh sé ar a ghlúine agus rinne sé urnaí é féin agus an t‑iomlán acu.

37. Agus chuaigh siad uile ag caoineadh agus á snaidhmeadh féin i bPól agus á phógadh,

38. agus ba é an chúis ba mhó lena mbrón an focal a bhí ráite aige, nach bhfaighidís an dara hamharc ar a ghnúis-sean. Agus thug siad comóradh dó chomh fada leis an long.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 20