Tiomna Nua

Gníomhartha 20:1-19 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Nuair a shocraigh an gleo, chuir Pól fios ar na deisceabail, agus chuir sé misneach iontu agus d'fhág sé slán agus beannacht acu agus d'imigh sé go dtí an Mhacadóin.

2. Shiúil sé na háiteanna úd agus dúirt sé mórán leo le misneach a chur iontu, agus chuaigh sé ansin chun na Gréige.

3. Chaith sé trí mhí ansin, ach go ndearna na Giúdaigh comhcheilg ina éadan agus é ar tí dul ar bhord loinge go dtí an tSír, agus gur ghlac sé ina cheann ansin filleadh bealach na Macadóine.

4. Ba iad a chuaigh ina chuideachta, Sópatér as Beraía, mac Phiorais; agus de lucht Thesaloníca, Aristarcos agus Secundus; agus Gaius as Derbé, agus Timótéus; agus Ticicus agus Trófimus de lucht na hAise.

5. Chuaigh siadsan romhainn gur fhan linn i dTróas,

6. ach sheolamarna as Filipí i ndiaidh laethanta an Aráin gan Laibhín agus thángamar chucu i dTróas i seal cúig lá, gur chaitheamar seacht lá ansin.

7. An chéad lá den tseachtain, nuair a bhíomar cruinn leis an arán a bhriseadh, bhí Pól ag comhrá leo, ó bhí rún aige imeacht an lá arna mhárach; agus lean sé dá chaint go dtí meán na hoíche.

8. Bhí mórán lampaí lasta sa seomra in uachtar tí mar a rabhamar cruinnithe.

9. Bhí ógánach a raibh Euticus mar ainm air ina shuí i mbéal na fuinneoige. Thit codladh trom air nuair a lean Pól leis ag caint a thuilleadh; agus bhí sé chomh cloíte ag an gcodladh gur thit sé go talamh as tríú hurlár an tí, agus tógadh é agus é maol marbh.

10. Ach tháinig Pól anuas agus chrom sé síos, agus shnaidhm é féin ann, agus dúirt sé, “Ná bíodh aon fhaitíos oraibh, mar tá an t‑anam ann.”

11. Chuaigh Pól suas ansin, le harán a bhriseadh agus bia a chaitheamh, agus chaith sé mórán ama ag comhrá leo, go breacadh an lae, agus d'imigh sé ansin.

12. Agus thug siad an stócach abhaile leo agus é beo, agus ní beag an tógáil chroí a fuair siad.

13. Ach chuamarna ar aghaidh linn go dtí an long, agus chrochamar na seolta le dul go hAssos, agus rún againn Pól a thógáil ar bord ansin, mar ba é sin a bhí socraithe aige, ó bhí sé ar intinn aige an fad sin a shiúl de chois.

14. Nuair a tháinig sé chugainn in Assos, thógamar ar bord é agus chuamar go Mitiléné.

15. Sheolamar as sin an lá ina dhiaidh sin gur thángamar os coinne Chíos; an lá ina dhiaidh sin thángamar i gcaladh i Sámós; agus i ndiaidh lae eile shroicheamar Milétus.

16. Mar bhí sé ar intinn ag Pól seoladh ar aghaidh thar an Eiféis, ionas nach mbeadh air aon am a chaitheamh san Áise; mar bhí deifir air, agus é ar a dhicheall, dá mb'fhéidir é, bheith in Iarúsailéim le haghaidh na Cincíse.

17. Ach nuair a bhí sé i Milétus, chuir sé teachtaireacht go dtí an Eiféis ag cur feasa ar chruifreacha na heaglaise.

18. Agus nuair a tháinig siad chuige, is é a dúirt sé leo: “Tá a fhios agaibh féin cad é an sórt beatha a chaith mé in bhur measc i gcónaí ón gcéad lá a leag mé mo chos ar thalamh na hÁise,

19. ag déanamh obair an Tiarna le humhlaíocht m'aigne agus le deora agus leis an angar a tháinig orm ó chomhcheilg na nGiúdach;

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 20