Tiomna Nua

Gníomhartha 2:30-41 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

30. Ach bhí sé ina fháidh eolais, agus bhí a dhea-fhios aige go raibh mionnaithe ag Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ina shuí ar a ríchathaoir,

31. agus chonaic sé aiséirí Chríost roimh ré agus is air a labhair sé, á rá nár fágadh i Háidéas é, agus nach bhfaca a cholainn an truailliú.

32. Tá an tÍosa sin tógtha ó mhairbh ag Dia, agus táimid uile inár bhfinnéithe air.

33. Ardaíodh mar sin é go láimh dheas Dé, agus ghlac sé ón Athair an Spiorad Naomh a bhí geallta aige, agus is é a dhoirt anuas a bhfuil le cluinstin agus le feiceáil agaibhse.

34. Mar ní dheachaigh Dáibhí é féin in airde go neamh ach deir sé féin faoi,‘Is é a dúirt an Tiarna le mo Thiarnasa, Suigh ar mo láimh dheas,

35. go gcuire mé do naimhde mar stól faoi do chosa.’

36. Bíodh fios cinnte ag teaghlach uile Iosrael go bhfuil Críost agus Tiarna déanta ag Dia den Íosa sin a rinne sibh a chéasadh.”

37. Anois nuair a chuala siad sin, chuaigh an arraing trína gcroíthe, gur fhiafraigh siad de Pheadar agus den chuid eile de na haspail, “A bhráithre, cad é is cóir dúinn a dhéanamh?”

38. Agus is é a dúirt Peadar leo, “Déanadh gach duine agaibh aithrí, agus glacadh sé le baisteadh in ainm Íosa Críost le haghaidh mhaithiúnas bhur bpeacaí; agus gheobhaidh sibh tíolacadh an Spioraid Naoimh.

39. Mar is daoibhse a gealladh é agus do bhur gclann agus dá bhfuil i bhfad i gcéin, don uile dhuine a ghlaonn ár dTiarna Dia chuige.”

40. Agus is iomaí briathar eile a labhair sé, ag tabhairt fianaise agus á ngríosú, agus dúirt sé, “Tagaigí slán amach as an nglúin seo na caime.”

41. Baisteadh mar sin an méid acu a ghlac lena bhriathar, agus cuireadh faoi thrí mhíle anam sa bhreis leo an lá céanna.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 2