Tiomna Nua

Gníomhartha 18:8-19 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

8. Chreid Criospas, rialtóir na sionagóige, sa Tiarna, é féin agus a theaghlach uile; agus chreid mórán de na Coraintigh a d'éist le Pól agus baisteadh iad.

9. Agus dúirt an Tiarna le Pól oíche amháin in aisling, “Ná bíodh eagla ort, agus labhair agus ná fan i do thost;

10. mar tá mise ag taobhú leat, agus ní dhéanfaidh aon duine ionsaí ort le dochar a dhéanamh duit; mar tá mórán daoine agamsa sa chathair seo.”

11. Agus d'fhan sé ann i rith bliana agus sé mhí, ag teagasc bhriathar Dé dóibh.

12. Ach nuair a bhí Gallio ina phrochonsal in Acáia, thug na Giúdaigh uile le chéile ionsaí ar Phól, agus thug siad os comhair bhinse an bhreithimh é,

13. agus dúirt siad, “Tá an fear seo ag tabhairt ar dhaoine Dia a adhradh ar mhodh atá crosta ag an dlí.”

14. Ach nuair a bhí Pól ar tí a bhéal a oscailt, dúirt Gallio leis na Giúdaigh, “Dá mba cheist choirpeachta nó choire gráiniúla í, a Ghiúdacha úd, bheadh cúis mhaith agam le bheith ag éisteacht go foighneach libh;

15. ach ós ceist bhriathra agus ainmneacha agus ó bhaineann sé leis an dlí is agaibhse, féachaigí chuici sibh féin; mar níl toil agam a bheith i mo bhreitheamh ar na gnóthaí seo.”

16. Agus chuir sé an ruaig orthu ó bhinse an bhreithimh.

17. Agus rug a raibh i láthair ar Shostenés, rialtóir na sionagóige, gur tugadh greasáil mhaith dó os comhair bhinse an bhreithimh. Ach rinne Gallio neamh-iontas de sin uile.

18. Ach d'fhan Pól tamall fada de laethanta ina dhiaidh sin, agus ansin d'fhág sé slán ag na bráithre, agus d'imigh sé ar bhord loinge go dtí an tSír, agus Priscila agus Acuila leis. Bhearr sé gruaig a chinn i gCeanncriae ó bhí móid air.

19. Tháinig siad ansin go dtí an Eiféis, agus scar sé leo ansin; ach chuaigh sé féin isteach sa tsionagóg, go raibh díospóireacht aige leis na Giúdaigh.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 18