Tiomna Nua

Gníomhartha 18:18-28 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

18. Ach d'fhan Pól tamall fada de laethanta ina dhiaidh sin, agus ansin d'fhág sé slán ag na bráithre, agus d'imigh sé ar bhord loinge go dtí an tSír, agus Priscila agus Acuila leis. Bhearr sé gruaig a chinn i gCeanncriae ó bhí móid air.

19. Tháinig siad ansin go dtí an Eiféis, agus scar sé leo ansin; ach chuaigh sé féin isteach sa tsionagóg, go raibh díospóireacht aige leis na Giúdaigh.

20. Nuair a thug siad cuireadh dó tuilleadh ama a chaitheamh leo, níor ghlac sé leis;

21. ach nuair a d'fhág sé slán acu, dúirt sé, “Fillfidh mé chugaibh athuair más toil le Dia sin,” agus d'fhág sé an Eiféis ansin ar bhord loinge.

22. Nuair a tháinig sé i dtír ag Caesaríá, chuaigh sé suas gur bheannaigh don eaglais a bhí ansin, agus chuaigh sé síos go hAntíoc ina dhiaidh sin.

23. Nuair a bhí tamall caite aige ansin d'imigh sé as gur thug sé bualadh éadain ar limistéar Ghalátia agus Phrigia, ag tabhairt misneach croí do na deisceabail.

24. Tháinig Giúdach a raibh Apollós mar ainm air, arbh é Alecsandria á áit dhúchais, go dtí an Eiféis. Ba dheis-béalach an fear é a raibh eolas cumasach aige ar na scrioptúir.

25. Bhi sé i ndiaidh fios a fháil ar shlí an Tiarna; agus ó bhí sprid dhíograiseach ann, labhair sé agus mhúin sé go cruinn beacht i dtaobh Íosa, cé nárbh fheasach dó ach baiste Eoin amháin.

26. Thosaigh seisean ar labhairt go dána móruchtúil sa tsionagóg; ach nuair a chuala Priscila agus Acuila é, ghlac siad é agus mhínigh siad slí an Tiarna dó níos cruinne ná mar a bhí sí aige.

27. Ansin nuair a thug sé ina cheann dul anonn go dtí Acáia, mhol na bráithre leis sin, agus scríobh siad litreacha chuig na bráithre ansin le fáiltiú roimhe. Nuair a tháinig sé ansin, bhí sé ina chuidiú mór ag an dream a chreid le grásta Dé,

28. mar bhréagnaigh sé na Giúdaigh go binn os comhair an tsaoil, ag cruthú ó na scrioptúir gurbh é an Críost Íosa.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 18