Tiomna Nua

Gníomhartha 17:3-9 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

3. á míniú agus ag cruthú as go raibh sé riachtanach don Chríost an pháis a fhulaingt agus aiséirí ó mhairbh agus ag rá, “Is é an Críost é, an tÍosa seo a bhfuilim á fhógairt daoibh.”

4. Ghéill cuid acu dá theagasc agus thaobhaigh siad le Pól agus Sailas, iadsan agus mórán d'fhir chráifeacha na nGréagach agus cuid mhaith de na mná uaisle ab airde céim.

5. Ach chuir sin formad ar na Giúdaigh, agus fuair siad cuid de dhíogha agus de dhríodar na ndaoine agus thóg siad raic agus chruinnigh daoscarshlua na cathrach agus thug siad ionsaí ar theach Iasóin, agus é ar intinn acu iad a tharraingt amach agus a chaitheamh chuig an daoscarshlua.

6. Ach nuair nach bhfuair siad ansin iad, stróic siad Iasón agus bráithre áirithe eile os comhair cheannurraí na cathrach, agus iad ag scairteadh amach, “An dream seo a bhfuil an saol curtha bun os cionn acu tá siad i ndiaidh teacht anseo freisin,

7. agus Iasón tar éis fáilte a chur rompu chun a thí; agus bíonn gnásanna acu seo uile atá crosta ag reachtanna Chaesair, mar deir siad go bhfuil rí eile ann a bhfuil Íosa mar ainm air.”

8. Nuair a chuala an slua agus ceannurraí na cathrach sin, bhí imní orthu.

9. Agus ghlac siad bannai ó Iasón agus ón gcuid eile agus lig siad a gcinn leo ansin.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 17