Tiomna Nua

Gníomhartha 17:28-34 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

28. mar‘Is ann a mbíonn cumas againn maireachtáil agus gluaiseacht agus bheith ann;’mar atá ráite ag cuid de bhur bhfilí féin,‘Mar is fíor gur sinne a shliochtsan.’

29. Ós de shliocht Dé sinne mar sin, ní ceart dúinn an nádúr diaga a shamhlú le hór ná le hairgead ná le cloch, ná le híomhá, a cumadh le healaín nó le hintleacht dhaonna.

30. Nior agair Dia na tréimhsí seo an aineolais orainn, ach go bhfuil sé anois ag foláireamh do na daoine uile san uile áit aithreachas a dhéanamh,

31. ó tá an lá socraithe aige a ndéanfaidh sé ceartbhreithiúnas ar an domhan tríd an bhfear atá ordaithe aige faoina choinne sin, agus tá bannaí tugtha aige air do na daoine uile, á thógáilsean ar an aiséiri ó mhairbh.”

32. Ansin nuair a chuala siad an focal faoin aiséirí ó mhairbh, d'éirigh cuid acu magúil; ach dúirt cuid eile, “Éistfimid leat faoi sin am éigin eile.”

33. D'imigh Pól mar sin amach as a gcomhluadar.

34. Ach bhí siad ann a cheangail iad féin leis agus a ghlac le creideamh, agus bhí Díonéis— duine a bhí ar Chúirt Chnoc Arés—agus bean darbh ainm Damaris agus daoine eile orthu.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 17