Tiomna Nua

Gníomhartha 17:13-25 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

13. Ach nuair a fuair Giúdaigh Thesaloníca fios an scéil go raibh Pól ag foilsiú bhriathar Dé i mBeraía, tháinig siad ansin freisin, agus iad ag tógáil raice agus ag séideadh faoin daoscarshlua.

14. Ba ansin a chuir na bráithre Pól amach ar shiúl chun na farraige, ach d'fhan Sailas agus Timótéus ansin.

15. An dream a bhí ag comóradh Phóil thug siad leo é go dtí an Ataen; agus d'fhill siad ansin le hordú do Shailas agus Thimótéus teacht chuige chomh tiubh géar agus d'fhéadfaidís.

16. Bhí Pól ag feitheamh leo ansin san Ataen, agus é ag goilliúint ar a anam an chathair a fheiceáil agus í lán d'íola.

17. Ach bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg leis na Giúdaigh agus leis na daoine cráifeacha, agus i sráid an mhargaidh gach lá leis na daoine a chastaí dó.

18. Bhuail fealsúnaigh d'aicmí na nEpicúréach agus na Stóiceach leis, agus cuid acu á rá, “Cad é a bheadh le rá ag béalastán breacléannta mar é seo?” Agus cuid eile, “Tá an chuma air go bhfuil déithe coimhthíocha á léiriú aige”—mar d'fhógair sé Íosa agus an t‑aiséirí.

19. Ghlac siad ansin é gur thug leo go Cnoc Chúirt Arés é, agus gur labhair mar seo leis, “An féidir fios a thabhairt dúinn ar an nuatheagasc sin a mbíonn tú á fhoilsiú?

20. Mar cluinimid rudaí neamhchoitianta á rá agat, agus ba mhaith linn, más toil leat é, a fhios a fháil cad é is ciall leo.”

21. Mar ní bhíonn aon am ag muintir na hAtaena ná ag na strainséirí a bhíos ag fanacht acu nach gcaitheann siad ag insint nó ag éisteacht le gach scéal is nua ná a chéile.

22. Mar sin sheas Pól amach i gceartlár Chnoc Chúirt Arés gur labhair mar seo a leanas: “A fheara na hAtaena, feicim go bhfuil gach uile chomhartha oraibh a bheith cráifeach in bhur gcleachtadh.

23. Mar nuair a bhí mé ag siúl thart, ag breathnú na scrínte adhartha atá agaibh, tháinig mé ar altóir a raibh an inscríbhinn seo uirthi, ‘Don Dia anaithnid.’ An Dia sin a dtugann sibh ómós dó gan aithne, is é atá agam á chur in aithne daoibh.

24. An Dia a chruthaigh an chruinne agus a bhfuil inti, tá sé ina Ardtiarna neimhe agus talaimh, agus ní bhíonn sé ag baint faoi i dteampaill láimhdhéanta,

25. ná ní bhíonn lámha daoine ag freastal air mar a bheadh easpa aon ní air, ós é a bhronn beatha agus anáil agus gach uile ní ar gach créatúr beo.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 17