Tiomna Nua

Gníomhartha 17:10-26 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

10. Mar sin de, chuir na bráithre Pól agus Sailas ar shiúl gan mhoill an oíche sin go Beraía; agus ní luaithe a shroich siad an áit ná chuaigh siad go sionagóg na nGiúdach.

11. B'uaisle an dream iad siúd ná lucht Tesaloníca, mar ghlac siad leis an mbriathar agus chuir siad spéis mhór ann, agus chaith siad an lá ag scrúdú na scrioptúr le feiceáil an raibh sin uile amhlaidh.

12. Bhi mórán acusan a tháinig chun creidimh, iadsan agus cuid mhaith de na mná agus de na fir chéimiúla i measc na nGréagach.

13. Ach nuair a fuair Giúdaigh Thesaloníca fios an scéil go raibh Pól ag foilsiú bhriathar Dé i mBeraía, tháinig siad ansin freisin, agus iad ag tógáil raice agus ag séideadh faoin daoscarshlua.

14. Ba ansin a chuir na bráithre Pól amach ar shiúl chun na farraige, ach d'fhan Sailas agus Timótéus ansin.

15. An dream a bhí ag comóradh Phóil thug siad leo é go dtí an Ataen; agus d'fhill siad ansin le hordú do Shailas agus Thimótéus teacht chuige chomh tiubh géar agus d'fhéadfaidís.

16. Bhí Pól ag feitheamh leo ansin san Ataen, agus é ag goilliúint ar a anam an chathair a fheiceáil agus í lán d'íola.

17. Ach bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg leis na Giúdaigh agus leis na daoine cráifeacha, agus i sráid an mhargaidh gach lá leis na daoine a chastaí dó.

18. Bhuail fealsúnaigh d'aicmí na nEpicúréach agus na Stóiceach leis, agus cuid acu á rá, “Cad é a bheadh le rá ag béalastán breacléannta mar é seo?” Agus cuid eile, “Tá an chuma air go bhfuil déithe coimhthíocha á léiriú aige”—mar d'fhógair sé Íosa agus an t‑aiséirí.

19. Ghlac siad ansin é gur thug leo go Cnoc Chúirt Arés é, agus gur labhair mar seo leis, “An féidir fios a thabhairt dúinn ar an nuatheagasc sin a mbíonn tú á fhoilsiú?

20. Mar cluinimid rudaí neamhchoitianta á rá agat, agus ba mhaith linn, más toil leat é, a fhios a fháil cad é is ciall leo.”

21. Mar ní bhíonn aon am ag muintir na hAtaena ná ag na strainséirí a bhíos ag fanacht acu nach gcaitheann siad ag insint nó ag éisteacht le gach scéal is nua ná a chéile.

22. Mar sin sheas Pól amach i gceartlár Chnoc Chúirt Arés gur labhair mar seo a leanas: “A fheara na hAtaena, feicim go bhfuil gach uile chomhartha oraibh a bheith cráifeach in bhur gcleachtadh.

23. Mar nuair a bhí mé ag siúl thart, ag breathnú na scrínte adhartha atá agaibh, tháinig mé ar altóir a raibh an inscríbhinn seo uirthi, ‘Don Dia anaithnid.’ An Dia sin a dtugann sibh ómós dó gan aithne, is é atá agam á chur in aithne daoibh.

24. An Dia a chruthaigh an chruinne agus a bhfuil inti, tá sé ina Ardtiarna neimhe agus talaimh, agus ní bhíonn sé ag baint faoi i dteampaill láimhdhéanta,

25. ná ní bhíonn lámha daoine ag freastal air mar a bheadh easpa aon ní air, ós é a bhronn beatha agus anáil agus gach uile ní ar gach créatúr beo.

26. Agus chruthaigh sé d'aon mhianach amháin na ciníocha daonna uile le bheith beo ar aghaidh an talaimh uile, agus is é a shocraigh roimh ré na tréimhsí a bhí i ndán dóibh agus na críocha a ndéanfaidís cónaí iontu,

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 17