Tiomna Nua

Gníomhartha 16:24-34 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

24. Nuair a cuireadh ar a chúram mar sin iad, chuir sé sa chuid den phríosún ab fhaide istigh iad agus cheangail sé a gcosa sa cheap.

25. Ach i dtrátha meán oíche bhí Pól agus Sailas ag urnaí agus ag ceol ag moladh Dé, agus na príosúnaigh ag éisteacht leo,

26. agus bhí crith talaimh tobann ann, a chorraigh dúshraith an phríosúin; agus i dtobainne bhí na doirse uile ar oscailt agus na geimhle a bhí ar gach duine scaoilte.

27. Nuair a mhúscail an séiléir agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar oscailt, tharraing sé a chlaíomh agus bhí ar tí lámh a chur ina bhás féin, agus é ag déanamh go raibh na príosúnaigh i ndiaidh éalú leo.

28. Ach ghlaoigh Pól in ard a ghutha leis, “Ná déan dochar ná dolaidh duit féin, mar táimid uile go léir anseo i láthair.”

29. Agus d'ordaigh sé solas a lasadh agus rith sé isteach, agus thit sé agus é ar aon bhallchrith le heagla roimh Phól agus Shailas,

30. agus thug sé amach iad gur fhiafraigh díobh, “A fheara, cad é a chaithfeas mé a dhéanamh le teacht slán?”

31. Agus ar siadsan leis, “Creid sa Tiarna Íosa, agus slánófar thú féin agus do theaghlach.”

32. Agus labhair siad briathar Dé leis agus lena raibh sa teach.

33. Agus ghlac sé iad an tráth úd den oíche agus nigh sé a gcneácha, agus ghlac sé baiste ar an toirt, é féin agus a theaghlach.

34. Thug sé isteach chun a thí féin ansin iad, agus chuir sé bia ar bord rompu; agus bhí lúcháir air féin agus ar a theaghlach faoin gcreideamh a bhí aige i nDia.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 16