Tiomna Nua

Gníomhartha 14:4-17 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

4. Ach bhí daoine na cathrach scoilte ina dhá leath; cuid acu ag taobhú leis na Giúdaigh, agus cuid acu leis na haspail.

5. Nuair a bhí na Gintlithe agus na Giúdaigh le chéile agus a lucht ceannais ag cur iaróige ina suí, le drochíde a thabhairt orthu agus clocha a chaitheamh leo,

6. fuair siad leid faoi, agus d'éalaigh siad leo go Listra agus Derbé, cathracha Licaónia, agus an limistéar tíre a bhí ina dtimpeall;

7. agus d'fhógair siad an soiscéal ansin.

8. Anois bhí fear ann i Listra a bhíodh ina shuí gan lúth na gcos aige; a bhí ina chláiríneach ó bhroinn nár shiúil riamh.

9. Bhi seisean ag éisteacht le caint Phóil; agus d'amharc Pól go grinn air, agus nuair a chonaic sé go raibh creideamh a shlánaithe aige,

10. dúirt sé i nglór ard, “Éirigh i do cholg-sheasamh ar do chosa.” Agus léim sé ina sheasamh agus shiúil sé.

11. Agus nuair a chonaic na sluaite cad é a bhí déanta ag Pól, thóg siad gáir os ard i dteanga Licaónia, agus ar siadsan, “Tá na déithe i ndiaidh teacht anuas ó neamh chugainn agus cosúlacht dhaonna orthu!”

12. Thug siad Zeús ar Bharnabas, agus Hermés ar Phól, ó ba é an príomhchainteoir é.

13. Agus thug sagart Zeús, a raibh a theampallsan ar aghaidh na cathrach amach, daimh agus bláthfhleasca chun na ngeataí, agus bhí fonn airsean agus ar na daoine íobairt a dhéanamh.

14. Ach ní luaithe a chuala na haspail Pól agus Barnabas faoi sin ná réab siad a mbaill éadaí, agus chuaigh siad de rúideog amach faoin slua, ag ghlaoch os ard agus á rá leo,

15. “A fheara, cad chuige a ndéanfadh sibh sin? Níl ionainn ach daoine, atá cosúil libhse inár nádúr, agus dea-scéal againn daoibh, chun cúl a chur leis an amadántacht seo agus aghaidh a thabhairt ar an Dia bithbheo ar cruthaitheoir neimhe agus talaimh agus na farraige agus a bhfuil iontu é.

16. Sna glúine a ghabh tharainn ligeadh sé do na ciníocha uile a mbealaí féin a leanúint;

17. cé nach raibh sé gan fianaise a thabhairt air féin, lena ndearna sé de mhaith oraibh, mar d'fhear sé frasa fearthainne oraibh as spéartha neimhe agus thug sé séasúir thorthúla daoibh, agus rinne sé bhur gcroíthe go súgach sách le bia.”

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 14