Tiomna Nua

Gníomhartha 14:10-27 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

10. dúirt sé i nglór ard, “Éirigh i do cholg-sheasamh ar do chosa.” Agus léim sé ina sheasamh agus shiúil sé.

11. Agus nuair a chonaic na sluaite cad é a bhí déanta ag Pól, thóg siad gáir os ard i dteanga Licaónia, agus ar siadsan, “Tá na déithe i ndiaidh teacht anuas ó neamh chugainn agus cosúlacht dhaonna orthu!”

12. Thug siad Zeús ar Bharnabas, agus Hermés ar Phól, ó ba é an príomhchainteoir é.

13. Agus thug sagart Zeús, a raibh a theampallsan ar aghaidh na cathrach amach, daimh agus bláthfhleasca chun na ngeataí, agus bhí fonn airsean agus ar na daoine íobairt a dhéanamh.

14. Ach ní luaithe a chuala na haspail Pól agus Barnabas faoi sin ná réab siad a mbaill éadaí, agus chuaigh siad de rúideog amach faoin slua, ag ghlaoch os ard agus á rá leo,

15. “A fheara, cad chuige a ndéanfadh sibh sin? Níl ionainn ach daoine, atá cosúil libhse inár nádúr, agus dea-scéal againn daoibh, chun cúl a chur leis an amadántacht seo agus aghaidh a thabhairt ar an Dia bithbheo ar cruthaitheoir neimhe agus talaimh agus na farraige agus a bhfuil iontu é.

16. Sna glúine a ghabh tharainn ligeadh sé do na ciníocha uile a mbealaí féin a leanúint;

17. cé nach raibh sé gan fianaise a thabhairt air féin, lena ndearna sé de mhaith oraibh, mar d'fhear sé frasa fearthainne oraibh as spéartha neimhe agus thug sé séasúir thorthúla daoibh, agus rinne sé bhur gcroíthe go súgach sách le bia.”

18. Ach i ndiaidh a ndúirt siad leo is le dua mór a choisc siad na daoine ó íobairt a thairiscint dóibh.

19. Ach tháinig Giúdaigh as Antíoc agus Icónium; gur mheall siad na daoine leo, agus chaith siad clocha le Pól agus tharraing siad amach as an gcathair é, agus iad ag meas gur marbh a bhí sé.

20. Ach nuair a chruinnigh na deisceabail ina thimpeall, d'éirigh sé ina sheasamh agus shiúil sé isteach chun na cathrach; agus an lá ina dhiaidh sin chuaigh sé féin agus Barnabas go Derbé.

21. Nuair a bhí an soiscéal foilsithe acu don chathair sin, agus mórán deisceabal déanta acu, d'fhill siad ar Listra agus ar Icónium agus ar Antíoc,

22. agus iad ag daingniú aigne na ndeisceabal, á áiteamh orthu fanacht dílis don chreideamh, agus ag rá go mbíonn feidhm orainn mórán dóláis a fhulaingt ar ár mbealach isteach i riocht Dé.

23. Agus nuair a bhí cruifreacha oirnithe acu dóibh i ngach eaglais, le hurnai agus le troscadh, d'fhág siad ar choimirce an Tiarna ar chreid siad ann iad.

24. Chuaigh siad ar aghaidh ansin trí Phisidia, gur shroich siad Pamfilia.

25. Agus nuair a bhí an briathar labhartha acu i bPerga, tháinig siad anuas as sin go hAttalía;

26. agus sheol siad as sin go hAntíoc, an áit inar cuireadh faoi choimirce ghrásta Dé iad le haghaidh na hoibre a bhí anois críochnaithe acu.

27. Ni luaithe a tháinig siad ansin ná chruinnigh siad an eaglais le chéile agus d'fhoilsigh a ndearna Dia maraon leo féin, agus conas mar a d'oscail sé doras an chreidimh roimh na Gintlithe.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 14