8. Ach chuir Elimas an t‑asarlaí (mar sin brí a ainm i nGréigis) ina n‑éadan, agus é ag iarraidh an prochonsal a chosc den chreideamh.
9. Ach bhí Sáúl, dá ngairtear Pól freisin, á líonadh leis an Spiorad Naomh, agus d'fhéach sé go grinn san aghaidh air
10. agus ar seisean, “A mhic úd an mhic mhallachta, a namhaid gach cirt, a bhithiúnaigh fhealltaigh, an é nach toil leat stad de bheith ag iarraidh cosáin dhíreacha an Tiarna a chamadh?
11. Agus anois, seo Dia ag leagan a láimhe ort, agus beidh tú i do dhall nach bhfeicfidh an ghrian ar feadh tamaill.” Ní luaithe sin ráite ná thit ceo agus dorchadas air agus chuaigh sé a chuartú daoine lena threorú ar ghreim láimhe.
12. Ba ansin a chreid an prochonsal, nuair a chonaic sé cad é a tharla, mar b'iontach leis an teagasc i dtaobh an Tiarna.
13. Thóg Pól agus a chomrádaithe a seolta ó Pháfós, gur tháinig i dtír i bPerga i bPamfilia. D'fhág Eoin ansin iad le filleadh ar Iarúsailéim;
14. ach chuaigh siad ar aghaidh ó Pherga go raibh siad san Antíoc atá i gcríoch Phisidia. Agus lá na sabóide chuaigh siad isteach sa tsionagóg gur shuigh ansin.
15. Nuair a léadh na sleachta as an dlí agus na fáithe, chuir rialtóirí na sionagóige focal chucu, á rá, “A bhráithre, má tá aon fhocal agaibh leis na daoine a ghríosú chun dúthrachta, abraigí é.”
16. D'éirigh Pól ina sheasamh ansin, agus rinne sé comhartha lena láimh agus labhair sé mar seo:“A Iosraelíteacha, agus a dhream a thugas ómós do Dhia, éistigí liom.