Tiomna Nua

Gníomhartha 13:34-48 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

34. Agus an méid a bhaineas leis an aiséirí inar thóg sé é ó mhairbh, gan filleadh chun truaillithe, is mar seo a labhair sé air,‘Tabharfaidh mé duit naomhbheannachtaí buanseasmhaca Dháibhí.’

35. Dá bhri sin tá ráite aige i salm eile,‘Ní ligfidh tú do do Naomh an truailliú a fheiceáil.’

36. Mar níl amhras faoi Dháibhí, i ndiaidh é freastal ar chomhairle Dé ina ghlúin féin, gur thit sé ina chodladh, agus gur cuireadh san uaigh é, i gcuideachta a sheacht sinsear, agus gur bhlais sé an truailliú;

37. ach an té a thóg Dia ar an aiséirí níor bhlais sé aon truailliú.

38. Tugaim le fios daoibh mar sin, a bhráithre, go bhfuil maithiúnas na bpeacaí tríd an bhfear sin á fhógairt daoibh,

39. agus gur trídsean a scaoiltear gach duine a chreideas ón ní nár fhéad dlí Mhaois sibh a scaoileadh uaidh.

40. Seachnaigí, mar sin, ar eagla go dtiocfadh oraibhse an ní seo a mbíonn na fáithe ag trácht air:

41. ‘Féachaigí, a lucht na fonóide, a dtiocfadh an t‑iontas agus an t‑éag oraibh;mar is in bhur laethanta a bheidh an gníomh á dhéanamh agam,an gníomh nach gcreidfidh sibh choíche má insítear daoibh faoi.’”

42. Agus nuair a bhíothas ag imeacht, chuir na daoine a n‑impí air na nithe seo a insint dóibh ar an tsabóid a bhí chucu.

43. Agus nuair a bhí deireadh leis an gcruinniú a bhí sa tsionagóg, lean mórán de na Giúdaigh agus de na daoine cráifeacha a thiontaigh chun Giúdachais Pól agus Barnabas, agus labhair siadsan leo ag agairt orthu seasamh go daingean i ngrásta Dé.

44. An tsabóid ina dhiaidh sin bhí lucht na cathrach uile beagnach cruinn le briathar Dé a chluinstin.

45. Ach nuair a chonaic na Giúdaigh na sluaite, bhí siad lomlán d'éad, agus iad ag cur in éadan a raibh le rá ag Pól, agus iad ag fonóid faoi.

46. Agus labhair Pól agus Barnabas go dána neamh-eaglach, agus ar siadsan, “Bhí sé riachtanach briathar Dé a labhairt libhse ar dtús. Ach ó cuireann sibh uaibh é, agus ó measann sibh nach fiú sibh an bheatha shíoraí a fháil, féachaigí, seo ag tabhairt aghaidh ar na Gintlithe sinn.

47. Mar tá ordaithe ag an Tiarna dúinn sin a dhéanamh, á rá,‘Chuir mé thú mar sholas ag na Gintlithe,ionas go dtuga tú an slánú go dtí an ceann is faide uainn den domhan.’”

48. Ach nuair a chuala na Gintlithe é, bhí lúcháir orthu agus thug siad glóir do bhriathar Dé; agus chreid an méid acu a bhí ordaithe chun na beatha síoraí.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 13