Tiomna Nua

Gníomhartha 13:32-44 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

32. Agus is amhlaidh atáimidne ag fógairt daoibh an dea-scéal go bhfuil ar gheall Dia dár sinsir,

33. go bhfuil sin á chomhlíonadh dúinne, dá gclann siúd, in aiséirí Íosa; mar atá scríofa freisin sa dara salm,‘Is tú mo mhac,is inniu a ghin mé thú.’

34. Agus an méid a bhaineas leis an aiséirí inar thóg sé é ó mhairbh, gan filleadh chun truaillithe, is mar seo a labhair sé air,‘Tabharfaidh mé duit naomhbheannachtaí buanseasmhaca Dháibhí.’

35. Dá bhri sin tá ráite aige i salm eile,‘Ní ligfidh tú do do Naomh an truailliú a fheiceáil.’

36. Mar níl amhras faoi Dháibhí, i ndiaidh é freastal ar chomhairle Dé ina ghlúin féin, gur thit sé ina chodladh, agus gur cuireadh san uaigh é, i gcuideachta a sheacht sinsear, agus gur bhlais sé an truailliú;

37. ach an té a thóg Dia ar an aiséirí níor bhlais sé aon truailliú.

38. Tugaim le fios daoibh mar sin, a bhráithre, go bhfuil maithiúnas na bpeacaí tríd an bhfear sin á fhógairt daoibh,

39. agus gur trídsean a scaoiltear gach duine a chreideas ón ní nár fhéad dlí Mhaois sibh a scaoileadh uaidh.

40. Seachnaigí, mar sin, ar eagla go dtiocfadh oraibhse an ní seo a mbíonn na fáithe ag trácht air:

41. ‘Féachaigí, a lucht na fonóide, a dtiocfadh an t‑iontas agus an t‑éag oraibh;mar is in bhur laethanta a bheidh an gníomh á dhéanamh agam,an gníomh nach gcreidfidh sibh choíche má insítear daoibh faoi.’”

42. Agus nuair a bhíothas ag imeacht, chuir na daoine a n‑impí air na nithe seo a insint dóibh ar an tsabóid a bhí chucu.

43. Agus nuair a bhí deireadh leis an gcruinniú a bhí sa tsionagóg, lean mórán de na Giúdaigh agus de na daoine cráifeacha a thiontaigh chun Giúdachais Pól agus Barnabas, agus labhair siadsan leo ag agairt orthu seasamh go daingean i ngrásta Dé.

44. An tsabóid ina dhiaidh sin bhí lucht na cathrach uile beagnach cruinn le briathar Dé a chluinstin.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 13