Tiomna Nua

Gníomhartha 13:26-33 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

26. A bhráithre, a chlann mhac shliocht Abrachaim, agus a dhream atá ina measc a mbíonn ómós agaibh do Dhia, is chugainne a cuireadh an scéal seo an tslánaithe.

27. Mar is é a rinne áitreabhaigh Iarúsailéim agus a lucht rialaithe, nuair nár aithin siad é agus nár thuig siad cainteanna na bhfáithe a léitear gach sabóid, is é rud, d'fhíoraigh siad iad nuair a thug siad breithiúnas báis air.

28. Siúd is nár fhéad siad aon chúis a thuill an bás a chur ina leith, ina dhiaidh sin d'iarr siad ar Phíoláid a chur chun báis.

29. Agus nuair a chomhlíon siad a raibh scríofa ina thaobh, thug siad anuas den chrann gur chuir ina luí i dtuama é.

30. Ach is amhlaidh a thóg Dia ó mhairbh é;

31. agus i rith mórán laethanta thaispeánadh sé é féin don dream a tháinig aníos ó Ghalailí go hIarúsailéim ina chuideachta, an dream atá anois mar fhinnéithe aige os comhair na ndaoine.

32. Agus is amhlaidh atáimidne ag fógairt daoibh an dea-scéal go bhfuil ar gheall Dia dár sinsir,

33. go bhfuil sin á chomhlíonadh dúinne, dá gclann siúd, in aiséirí Íosa; mar atá scríofa freisin sa dara salm,‘Is tú mo mhac,is inniu a ghin mé thú.’

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 13