Tiomna Nua

Gníomhartha 13:2-12 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

2. Nuair a bhí siad ag adhradh Dé ina dtroscadh, dúirt an Spiorad Naomh, “Cuirigí Barnabas agus Sáúl i leataobh dom le haghaidh na hoibre ar thogh mé iad lena déanamh.”

3. Leag siad lámha orthu ansin tar éis urnaí agus troscaidh agus chuir siad iad i gcionn a n‑aistir.

4. Ó chuir an Spiorad Naomh chun bealaigh mar sin iad, chuaigh siad síos go Saleúcia; agus sheol siad as sin go dtí an Chipir.

5. Nuair a shroich siad Salamis, d'fhógair siad briathar Dé i sionagóga na nGiúdach. Agus bhí Eoin acu mar thimire.

6. Nuair a bhí an t‑oileán uile siúlta acu ó cheann ceann chomh fada le Páfós, casadh asarlaí orthu, Giúdach a bhí ina fháidh bréige, a raibh Bar Íosa mar ainm air.

7. Bhí seisean i gcuideachta an phrochonsail, Sergius Paulus, fear tuisceanach, a thug cuireadh do Sháúl agus do Bharnabas agus a raibh fonn air briathar Dé a chluinstin uathu.

8. Ach chuir Elimas an t‑asarlaí (mar sin brí a ainm i nGréigis) ina n‑éadan, agus é ag iarraidh an prochonsal a chosc den chreideamh.

9. Ach bhí Sáúl, dá ngairtear Pól freisin, á líonadh leis an Spiorad Naomh, agus d'fhéach sé go grinn san aghaidh air

10. agus ar seisean, “A mhic úd an mhic mhallachta, a namhaid gach cirt, a bhithiúnaigh fhealltaigh, an é nach toil leat stad de bheith ag iarraidh cosáin dhíreacha an Tiarna a chamadh?

11. Agus anois, seo Dia ag leagan a láimhe ort, agus beidh tú i do dhall nach bhfeicfidh an ghrian ar feadh tamaill.” Ní luaithe sin ráite ná thit ceo agus dorchadas air agus chuaigh sé a chuartú daoine lena threorú ar ghreim láimhe.

12. Ba ansin a chreid an prochonsal, nuair a chonaic sé cad é a tharla, mar b'iontach leis an teagasc i dtaobh an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 13