Tiomna Nua

Gníomhartha 13:18-26 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

18. Agus chuir sé suas leo conablach daichead bliain ar an bhfásach.

19. Agus nuair a bhí seacht gcine scriosta aige i dtír Chánáin, thug sé a dtír dhúchais mar oidhreacht dóibh, ar feadh conablach ceithre chéad go leith de bhlianta.

20. Thug sé breithiúna dóibh ina dhiaidh sin go dtí aimsir Shamuel, an fáidh.

21. D'iarr siad rí air ansin; agus thug Dia dóibh Sáúl mac Cis, fear de threibh Bheniamin, i rith daichead bliain.

22. Agus nuair a chuir sé as an riocht é, d'ardaigh sé Dáibhí le bheith ina rí orthu; ar thug sé fianaise air agus ar dhearbhaigh sé faoi, ‘Fuair mé i nDáibhí mac Iesse an fear a thaitníos le mo chroí, a dhéanfas mo thoil go huile is go hiomlán.’

23. Is de shliocht an fhir seo a thug Dia an Slánaitheoir, Íosa, chuig Iosrael mar a bhí geallta aige.

24. Sul ar tháinig sé bhí baiste aithrí fógartha ag Eoin do mhuintir Iosrael uile.

25. Agus nuair a bhí ceann a chúrsa sroichte ag Eoin, dúirt sé, ‘Cé a shíleann sibh is mise? Ní mise é. Ní mé, ach tá fear ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iallacha a chuarán a scaoileadh de’.

26. A bhráithre, a chlann mhac shliocht Abrachaim, agus a dhream atá ina measc a mbíonn ómós agaibh do Dhia, is chugainne a cuireadh an scéal seo an tslánaithe.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 13