Tiomna Nua

Gníomhartha 13:12-23 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

12. Ba ansin a chreid an prochonsal, nuair a chonaic sé cad é a tharla, mar b'iontach leis an teagasc i dtaobh an Tiarna.

13. Thóg Pól agus a chomrádaithe a seolta ó Pháfós, gur tháinig i dtír i bPerga i bPamfilia. D'fhág Eoin ansin iad le filleadh ar Iarúsailéim;

14. ach chuaigh siad ar aghaidh ó Pherga go raibh siad san Antíoc atá i gcríoch Phisidia. Agus lá na sabóide chuaigh siad isteach sa tsionagóg gur shuigh ansin.

15. Nuair a léadh na sleachta as an dlí agus na fáithe, chuir rialtóirí na sionagóige focal chucu, á rá, “A bhráithre, má tá aon fhocal agaibh leis na daoine a ghríosú chun dúthrachta, abraigí é.”

16. D'éirigh Pól ina sheasamh ansin, agus rinne sé comhartha lena láimh agus labhair sé mar seo:“A Iosraelíteacha, agus a dhream a thugas ómós do Dhia, éistigí liom.

17. Thogh Dia an cine seo, Dia Iosrael, ár sinsir, agus rinne sé cine mór díobh san am ar bhain siad fúthu i dtír na hÉigipte, agus thug sé amach as an tír sin iad le láimh in airde.

18. Agus chuir sé suas leo conablach daichead bliain ar an bhfásach.

19. Agus nuair a bhí seacht gcine scriosta aige i dtír Chánáin, thug sé a dtír dhúchais mar oidhreacht dóibh, ar feadh conablach ceithre chéad go leith de bhlianta.

20. Thug sé breithiúna dóibh ina dhiaidh sin go dtí aimsir Shamuel, an fáidh.

21. D'iarr siad rí air ansin; agus thug Dia dóibh Sáúl mac Cis, fear de threibh Bheniamin, i rith daichead bliain.

22. Agus nuair a chuir sé as an riocht é, d'ardaigh sé Dáibhí le bheith ina rí orthu; ar thug sé fianaise air agus ar dhearbhaigh sé faoi, ‘Fuair mé i nDáibhí mac Iesse an fear a thaitníos le mo chroí, a dhéanfas mo thoil go huile is go hiomlán.’

23. Is de shliocht an fhir seo a thug Dia an Slánaitheoir, Íosa, chuig Iosrael mar a bhí geallta aige.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 13