Tiomna Nua

Gníomhartha 12:8-18 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

8. Agus dúirt an t‑aingeal leis, “Cuir ort do chuid éadaí agus do choisbheart.” Agus rinne sé amhlaidh. Agus dúirt sé leis, “Fill d'fhallaing tharat agus tar i mo shála.”

9. Agus chuaigh sé amach ina dhiaidh; ní raibh fhios aige gurbh fhíor é a ndearna an t‑aingeal, ach é ag sileadh gurbh aisling í a bhí á feiceáil aige.

10. Nuair a ghabh siad thar an chéad agus an dara post faireoireachta shroich siad an geata iarainn a thabharfadh amach chun na cathrach iad. D'oscail sé rompu uaidh féin, agus shiúil siad fad aon sráide amháin; agus d'fhág an t‑aingeal ansin i dtobainne é.

11. Nuair a tháinig Peadar chuige féin dúirt sé ina intinn, “Aithním anois gur scéal cinnte é go bhfuil an Tiarna tar éis a aingeal a chur uaidh agus mé a tharrtháil ó láimh Iorua agus óna raibh faoi mo choinne ag an gcine Giúdach.”

12. Nuair a bhí sin tuigthe go beacht aige, tharraing sé ar theach Mhuire, máthair Eoin dár chomhainm Marcas, áit ina raibh slua mór cruinnithe le chéile agus iad ag urnaí.

13. Agus nuair a bhuail sé cnag ar chomhla gheata na cúirte, tháinig cailín a raibh Róda mar ainm uirthi aniar.

14. Nuair a d'aithin sí glór Pheadair, níor oscail sí an geata le méid a lúcháire roimhe, ach rith sí isteach le hinsint go raibh Peadar ina sheasamh os comhair an gheata.

15. Dúirt siad léi, “Is ar mire atá tú.” Ach dhearbhaigh sise go raibh amhlaidh. Dúirt siad ansin, “Is é a aingeal coimhdeachta atá ann.”

16. Ach mhair Peadar leis ag bualadh; agus d'oscail siad an doras go bhfaca siad é agus go raibh dubhiontas orthu.

17. Ach bhagair sé a lámh orthu le bheith ina dtost, agus d'inis sé tríd síos dóibh conas a thug an Tiarna amach as an bpríosún é. Agus dúirt sé, “Inis an méid sin do Shéamas agus do na bráithre.” D'imigh sé as ansin go hionad eile.

18. Ansin, nuair a ghealaigh an lá, bhí corraí nár bheag ann i measc na saighdiúirí agus iad ag iarraidh a fháil amach cad é a d'éirigh do Pheadar.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 12