Tiomna Nua

Gníomhartha 11:5-14 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

5. Bhí mé i gcathair Ioppa agus mé ag urnaí; agus i dtámhnéal dom chonaic mé aisling, árthach ag tuirlingt, mar a bheadh bráillín mhór ann á ligean anuas ó neamh lena ceithre choirnéal; agus tháinig sí anuas go dtí an áit a raibh mé.

6. Nuair a d'fhéach mé uirthi go grinn chonaic mé idir ainmhithe ceathairchosacha agus bheithigh allta agus phéisteanna an talaimh agus éanlaith an aeir.

7. Agus chuala mé an glór á rá liom, ‘Éirigh, a Pheadair’ maraigh agus ith do shá.’

8. Ach dúirt mé féin, ‘Ní dhéan-fáidh mé sin choíche, a Thiarna; mar níor bhlais mé riamh aon bhia salach nó neamhghlan.’

9. Ach d'fhreagair an glór an dara huair ó neamh, ‘Ní ceadmhach duit neamhghlan a thabhairt ar an ní ar ghlan Dia e.’

10. Tharla sin faoi thrí, agus ansin tarraingíodh aníos go neamh é uile.

11. Ba sa mhóimint chéanna sin a shroich triúr fear an teach a rabhamar ann, ar theachtaireacht chugam ó Chaesaríá.

12. Agus d'ordaigh an Spiorad dom dul leo, gan aon idir-dhealú a dhéanamh. Chuaigh an seisear bráthair seo liom freisin, go ndeachamar isteach go teach an duine úd.

13. Agus d'inis sé dúinn conas a chonaic sé an t‑aingeal ina sheasamh ina theach agus á rá leis, ‘Cuir teachtairí uait go hIoppa ar fhios Shíomóin dá ngairtear Peadar;

14. is é a fhoilseos daoibh an teachtaireacht a shlánós sibh, idir thú féin agus lucht do theaghlaigh.’

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 11