Tiomna Nua

Gníomhartha 11:22-30 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

22. Tháinig an scéal sin i gcluasa na heaglaise in Iarúsailéim, agus chuir siad Barnabas go hAntíoc.

23. Nuair a tháinig sé ansin, agus chonaic sé grásta Dé, bhí áthas air; agus bhrostaigh sé iad uile le fanacht dílis don Tiarna agus le bheith daingean ina rún;

24. mar ba dhea-dhuine é, agus é lán den Spiorad Naomh agus den chreideamh. Agus cuireadh mar sin go mór leis an dream a ghéill don Tiarna.

25. Chuaigh Barnabas ansin go Tarsus ar thuairisc Sháúl;

26. agus nuair a tháinig sé air, thug sé leis é go hAntíoc. Chaith siad bliain dhruidte ag teacht le chéile leis an eaglais, agus theagasc siad slua mór daoine; agus ba in Antíoc a tugadh Críostaithe ar na deisceabail den chéad uair.

27. Ba sna laethanta úd a tháinig fáithe anuas ó Iarúsailéim go hAntíoc.

28. D'éirigh duine acusan a raibh Agabas mar ainm air agus rinne sé fios tríd an Spiorad agus réamh-fhoilsigh sé gorta mór ar fud an domhain; ní a tharla in am Chlaudius.

29. Agus ghlac na deisceabail rún go dtabharfadh siad tarrtháil, gach duine de réir a acmhainne, ar na bráithre a raibh cónaí orthu in Iúdaea;

30. agus rinne siad amhlaidh, á chur i lámha Bharnabas agus Sháúl lena thabhairt do na seanóirí a bhí ansin.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 11