Tiomna Nua

Gníomhartha 11:17-29 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

17. Más rud é mar sin gur thug Dia an tíolacadh céanna dóibh a thug sé dúinne san am a chreideamar sa Tiarna Íosa Críost, cé a bhí ionam féin go bhféadfainn cosc a chur le Dia?”

18. Nuair a chuala siad sin, ní raibh focal le rá acu ina éadan. Agus thug siad glóir do Dhia, á rá, “Mar sin de tá Dia tar éis aithreachas chun na beatha síoraí a bhronnadh ar na Gintlithe freisin.”

19. Anois chuaigh an dream a bhí scaipthe de bharr na géarleanúna faoi Stiofán chomh fada leis an bhFéinícia agus leis an gCipir agus le hAntíoc, gan iad briathar Dé a labhairt ach leis na Giúdaigh amháin.

20. Ach bhí cuid acu, fir as an gCipir agus as Círéne, a labhair leis na Gréagaigh freisin i ndiaidh Antíoc a shroicheadh, ag seanmóireacht an Tiarna Íosa.

21. Agus bhí lámh an Tiarna leo, agus chreid cuid mhór agus thiontaigh siad chuig an Tiarna.

22. Tháinig an scéal sin i gcluasa na heaglaise in Iarúsailéim, agus chuir siad Barnabas go hAntíoc.

23. Nuair a tháinig sé ansin, agus chonaic sé grásta Dé, bhí áthas air; agus bhrostaigh sé iad uile le fanacht dílis don Tiarna agus le bheith daingean ina rún;

24. mar ba dhea-dhuine é, agus é lán den Spiorad Naomh agus den chreideamh. Agus cuireadh mar sin go mór leis an dream a ghéill don Tiarna.

25. Chuaigh Barnabas ansin go Tarsus ar thuairisc Sháúl;

26. agus nuair a tháinig sé air, thug sé leis é go hAntíoc. Chaith siad bliain dhruidte ag teacht le chéile leis an eaglais, agus theagasc siad slua mór daoine; agus ba in Antíoc a tugadh Críostaithe ar na deisceabail den chéad uair.

27. Ba sna laethanta úd a tháinig fáithe anuas ó Iarúsailéim go hAntíoc.

28. D'éirigh duine acusan a raibh Agabas mar ainm air agus rinne sé fios tríd an Spiorad agus réamh-fhoilsigh sé gorta mór ar fud an domhain; ní a tharla in am Chlaudius.

29. Agus ghlac na deisceabail rún go dtabharfadh siad tarrtháil, gach duine de réir a acmhainne, ar na bráithre a raibh cónaí orthu in Iúdaea;

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 11