15. Nuair a thosaigh mé ar labhairt, thit an Spiorad Naomh orthu, ar an nós céanna agus a thit sé orainn i dtús ama.
16. Agus chuimhnigh mé ar bhriathar an Tiarna, agus ar conas mar a dúirt sé, ‘Bhí Eoin ag baisteadh le huisce, ach baistfear sibhse leis an Spiorad Naomh.’
17. Más rud é mar sin gur thug Dia an tíolacadh céanna dóibh a thug sé dúinne san am a chreideamar sa Tiarna Íosa Críost, cé a bhí ionam féin go bhféadfainn cosc a chur le Dia?”
18. Nuair a chuala siad sin, ní raibh focal le rá acu ina éadan. Agus thug siad glóir do Dhia, á rá, “Mar sin de tá Dia tar éis aithreachas chun na beatha síoraí a bhronnadh ar na Gintlithe freisin.”
19. Anois chuaigh an dream a bhí scaipthe de bharr na géarleanúna faoi Stiofán chomh fada leis an bhFéinícia agus leis an gCipir agus le hAntíoc, gan iad briathar Dé a labhairt ach leis na Giúdaigh amháin.
20. Ach bhí cuid acu, fir as an gCipir agus as Círéne, a labhair leis na Gréagaigh freisin i ndiaidh Antíoc a shroicheadh, ag seanmóireacht an Tiarna Íosa.
21. Agus bhí lámh an Tiarna leo, agus chreid cuid mhór agus thiontaigh siad chuig an Tiarna.
22. Tháinig an scéal sin i gcluasa na heaglaise in Iarúsailéim, agus chuir siad Barnabas go hAntíoc.
23. Nuair a tháinig sé ansin, agus chonaic sé grásta Dé, bhí áthas air; agus bhrostaigh sé iad uile le fanacht dílis don Tiarna agus le bheith daingean ina rún;
24. mar ba dhea-dhuine é, agus é lán den Spiorad Naomh agus den chreideamh. Agus cuireadh mar sin go mór leis an dream a ghéill don Tiarna.