Tiomna Nua

Gníomhartha 11:1-7 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Chuala na haspail agus na bráithre a bhí in Iúdaea ansin go raibh glactha le briathar Dé ag na Gintlithe freisin.

2. Mar sin nuair a tháinig Peadar aníos go hIarúsailéim, chuaigh an aicme a bhí i leith timpeallghearrtha a fháil locht air,

3. ag fiafraí de, “Cad chuige duit dul chuig daoine neamhthimpeallghearrtha agus bia a chaitheamh ina gcuideachta?”

4. Ach thosaigh Peadar agus mhínigh sé dóibh tríd síos é:

5. Bhí mé i gcathair Ioppa agus mé ag urnaí; agus i dtámhnéal dom chonaic mé aisling, árthach ag tuirlingt, mar a bheadh bráillín mhór ann á ligean anuas ó neamh lena ceithre choirnéal; agus tháinig sí anuas go dtí an áit a raibh mé.

6. Nuair a d'fhéach mé uirthi go grinn chonaic mé idir ainmhithe ceathairchosacha agus bheithigh allta agus phéisteanna an talaimh agus éanlaith an aeir.

7. Agus chuala mé an glór á rá liom, ‘Éirigh, a Pheadair’ maraigh agus ith do shá.’

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 11