Tiomna Nua

Gníomhartha 10:36-45 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

36. Tá a fhios agaibh an briathar a chuir sé chuig Iosrael, nuair a d'fhógair sé dea-scéal na síochána trí Íosa Críost (is é Ardtiarna na cruinne é),

37. an briathar a foilsíodh ar fud Iúdaea, ag tosú as Galailí tar éis an bhaiste a bhíodh á sheanmóireacht ag Eoin:

38. inar nochtadh conas a d'ung Dia Íosa as Nasair leis an Spiorad Naomh agus le mór-chumhacht; agus conas a chuaigh sé ó áit go háit ag déanamh gach cineál maitheasa agus ag leigheas na ndaoine a bhí faoi leatrom ag an diabhal, mar bhí Dia leis.

39. Agus is finnéithe sinne ar a ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é, á chrochadh ar chrann;

40. ach thóg Dia é an tríú lá agus thaispeáin sé go soiléir é,

41. ach níor thaispeáin sé do na daoine uile é ach dúinne a bhí tofa ag Dia mar fhinnéithe, a bhí ag ithe agus ag ól ina chuideachta i ndiaidh é éirí ó mhairbh.

42. Agus d'ordaigh sé dúinn bheith ag seanmóireacht do na daoine, agus ag tabhairt fianaise gurb é sin atá ordaithe ag Dia le bheith ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh.

43. Tugann na fáithe uile go léir fianaise air seo, go bhfaighidh gach duine dá gcreideann ann maithiúnas na bpeacaí trína ainmsean.”

44. Ni raibh an focal sin as béal Pheadair, nuair a thit an Spiorad Naomh ar a raibh ag éisteacht leis an mbriathar.

45. Agus bhí dubhiontas ar na creidmhigh de lucht an timpeallghearrtha a tháinig le Peadar, a rá is gur doirteadh tíolacadh an Spioraid Naoimh go fiú ar na Gintlithe.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 10