Tiomna Nua

Gníomhartha 10:32-47 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

32. Cuir teachtairí uait mar sin go hIoppa ar thuairisc Shíomóin dá ngairtear Peadar; tá sé ar lóistín i dteach Shiomóin an súdaire ar chladach na farraige.’

33. Chuir mé fios ort mar sin gan mhoill, agus is maith an mhaise duit é teacht chugam. Táimid uile go léir i láthair anseo agus Dia ag amharc orainn, le héisteacht lenar ordaigh an Tiarna duit.”

34. Agus d'oscail Peadar a bhéal agus dúirt sé, “Scéal fíor é go bhfuil sé tuigthe agam nach mbíonn claonadh i gceart Dé,

35. ach go nglacann sé leis an duine a mbíonn urraim aige dó agus a bhíos ag déanamh mar is cóir is cuma cé an cine ar de é.

36. Tá a fhios agaibh an briathar a chuir sé chuig Iosrael, nuair a d'fhógair sé dea-scéal na síochána trí Íosa Críost (is é Ardtiarna na cruinne é),

37. an briathar a foilsíodh ar fud Iúdaea, ag tosú as Galailí tar éis an bhaiste a bhíodh á sheanmóireacht ag Eoin:

38. inar nochtadh conas a d'ung Dia Íosa as Nasair leis an Spiorad Naomh agus le mór-chumhacht; agus conas a chuaigh sé ó áit go háit ag déanamh gach cineál maitheasa agus ag leigheas na ndaoine a bhí faoi leatrom ag an diabhal, mar bhí Dia leis.

39. Agus is finnéithe sinne ar a ndearna sé i dtír na nGiúdach agus in Iarúsailéim. Chuir siad chun báis é, á chrochadh ar chrann;

40. ach thóg Dia é an tríú lá agus thaispeáin sé go soiléir é,

41. ach níor thaispeáin sé do na daoine uile é ach dúinne a bhí tofa ag Dia mar fhinnéithe, a bhí ag ithe agus ag ól ina chuideachta i ndiaidh é éirí ó mhairbh.

42. Agus d'ordaigh sé dúinn bheith ag seanmóireacht do na daoine, agus ag tabhairt fianaise gurb é sin atá ordaithe ag Dia le bheith ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh.

43. Tugann na fáithe uile go léir fianaise air seo, go bhfaighidh gach duine dá gcreideann ann maithiúnas na bpeacaí trína ainmsean.”

44. Ni raibh an focal sin as béal Pheadair, nuair a thit an Spiorad Naomh ar a raibh ag éisteacht leis an mbriathar.

45. Agus bhí dubhiontas ar na creidmhigh de lucht an timpeallghearrtha a tháinig le Peadar, a rá is gur doirteadh tíolacadh an Spioraid Naoimh go fiú ar na Gintlithe.

46. Mar chuala siad iad ag labhairt i dteangacha éagsúla agus ag móradh Dé. Dúirt Peadar leis sin,

47. “An féidir le haon duine cosc a chur ar an uisce a mbaistfear na daoine seo ann, iadsan a bhfuil glactha acu leis an Spiorad Naomh ar an nós ceánna linne?” Agus thug sé ordú chun a mbaiste in ainm Íosa Críost. Ba ansin a thug siad cuireadh dó chun fanacht acu tamall de laethanta.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 10