Tiomna Nua

Gníomhartha 10:14-22 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

14. Ach d'fhreagair Peadar, “Ní dhéanfaidh mé sin a Thiarna, mar níor bhlais mé riamh aon bhia a bhí salach nó neamhghlan.”

15. Agus tháinig an glór an dara huair go ndúirt leis, “Ná tabhair neamhghlan ar an ní ar ghlan Dia é.”

16. Tharla sin faoi thrí, agus ansin tugadh an t‑árthach aníos uaidh sna flaithis gan mhoill.

17. Anois nuair a bhí Peadar idir dhá intinn faoi cad é ba chiall don aisling a bhí feicthe aige, b'shiúd iad teachtairí Chornélius, i ndiaidh iad tuairisc theach Shíomóin a chur, agus iad ina seasamh os coinne an gheata

18. agus iad ag fiafraí i nglór ard an raibh Síomón ar chomhainm dó Peadar ar lóistín ansin.

19. Agus dúirt an Spiorad le Peadar, nuair a bhí sé ag déanamh machnaimh ar an aisling, “Seo triúr fear do d'iarraidh.

20. Éirigh agus gabh síos chucu, agus ná bíodh leisce ort faoi dhul leo; mar is mise a chuir chugat iad.”

21. Agus chuaigh Peadar síos chuig na fir agus ar seisean leo, Is mé an fear a bhfuil sibh á iarraidh; cad é an chúis atá le bhur dteacht?”

22. Agus d'fhreagair siadsan, “Is é Cornélius, an ceantúir, atá ina fhear cneasta cráifeach, a mbíonn an dea-fhocal dó ag an gcine Giúdach uile, ar ordaigh aingeal naofa dó fios a chur ort chun a thí féin, agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.”

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 10