Tiomna Nua

Gníomhartha 10:11-25 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

11. agus chonaic sé na flaithis ar oscailt, agus mar a bheadh bráillín mhór ag teacht anuas, agus é á ligean anuas go dtí an talamh le cordaí a bhí ceangailte as a ceithre choirnéal.

12. Bhi sí lán den uile chineál d'ainmhithe ceathairchosacha agus de phéisteanna agus d éanlaith an aeir.

13. Agus tháinig glór a dúirt leis, “Éirigh, a Pheadair; maraigh agus ith.”

14. Ach d'fhreagair Peadar, “Ní dhéanfaidh mé sin a Thiarna, mar níor bhlais mé riamh aon bhia a bhí salach nó neamhghlan.”

15. Agus tháinig an glór an dara huair go ndúirt leis, “Ná tabhair neamhghlan ar an ní ar ghlan Dia é.”

16. Tharla sin faoi thrí, agus ansin tugadh an t‑árthach aníos uaidh sna flaithis gan mhoill.

17. Anois nuair a bhí Peadar idir dhá intinn faoi cad é ba chiall don aisling a bhí feicthe aige, b'shiúd iad teachtairí Chornélius, i ndiaidh iad tuairisc theach Shíomóin a chur, agus iad ina seasamh os coinne an gheata

18. agus iad ag fiafraí i nglór ard an raibh Síomón ar chomhainm dó Peadar ar lóistín ansin.

19. Agus dúirt an Spiorad le Peadar, nuair a bhí sé ag déanamh machnaimh ar an aisling, “Seo triúr fear do d'iarraidh.

20. Éirigh agus gabh síos chucu, agus ná bíodh leisce ort faoi dhul leo; mar is mise a chuir chugat iad.”

21. Agus chuaigh Peadar síos chuig na fir agus ar seisean leo, Is mé an fear a bhfuil sibh á iarraidh; cad é an chúis atá le bhur dteacht?”

22. Agus d'fhreagair siadsan, “Is é Cornélius, an ceantúir, atá ina fhear cneasta cráifeach, a mbíonn an dea-fhocal dó ag an gcine Giúdach uile, ar ordaigh aingeal naofa dó fios a chur ort chun a thí féin, agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.”

23. Mar sin thug sé cuireadh dóibh chun teacht isteach agus chuir fáilte rompu.An lá arna mhárach d'éirigh sé agus d'imigh sé leo, agus chuaigh cuid de na bráithre ó Ioppa in éineacht leo.

24. Agus an lá arna mhárach shiúil siad isteach go Caesaríá. Bhí Cornélius ag dréim leo agus a dhaoine muinteartha agus a dhlúthchairde bailithe le chéile aige.

25. Nuair a tháinig Peadar isteach chun tí aige, chuaigh Cornélius ina airicis agus thit sé ag a chosa á adhradh.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 10