Tiomna Nua

Gníomhartha 1:7-23 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

7. Ar seisean leo, “Ní dual daoibhse fios a fháil ar na haimsirí ná ar na trátha atá socraithe ag an Athair agus a bhfuil sé féin mar údar leo.

8. Ach ní fhágann sin nach mbeidh cumhacht á tabhairt daoibh nuair a thiocfas an Spiorad Naomh oraibh; agus nach mbeidh sibh in bhur bhfinnéithe agamsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdaea agus i Samária agus go leithimeall an domhain.”

9. Agus ní luaithe a bhí sin ráite aige ná tógadh den talamh é, agus iad ag amharc air, agus d'ardaigh néal leis é as a n‑amharc.

10. Agus nuair a bhí a súile go fóill ag stánadh in airde sa spéir an bealach a d'imigh sé, b'shiúd beirt fhear faoi éadaí gealbhána ina seasamh lena dtaobh,

11. a dúirt leo, “A fheara as Galailí, cad chuige daoibh fanacht in bhur seasamh ag amharc mar sin in airde sa spéir? Tiocfaidh an tÍosa seo chugaibh ó neamh, a tugadh uaibh go neamh, ar an nós céanna ar imigh sé.”

12. Ba ansin a d'fhill siad ar Iarúsailéim ón sliabh dá ngairtear Olibhet, atá cóngarach do Iarúsailéim, faoi shiúlóid sabóide uaidh;

13. agus nuair a shroich siad í, chuaigh siad suas go dtí an seomra a bhí in uachtar an tí, a mbídís ag fanacht ann, mar atá Peadar agus Eoin agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalón agus Matha, Séamas mac Alfaeus agus Síomón an díograiseoir agus Iúdás mac Shéamais.

14. Bhi siad seo uile le chéile gan aird acu ar aon ní ach ar an urnaí, iadsan agus an bhantracht agus Muire máthair Íosa agus a dheartháireacha leo.

15. Ba sna laethanta úd a d'éirigh Peadar ina sheasamh i measc na mbráithre (bhí siad timpeall céad agus fiche duine ann le chéile), agus is é a dúirt sé,

16. “A bhráithre, b'éigean an scríbhinn diaga a fhíorú, a labhair an Spiorad Naomh roimh ré trí bhéal Dháibhí, sa mhéid a bhaineas le hlúdás a bhí mar threoraí ag an dream a ghabh Íosa.

17. Mar bhí sé á chomhaireamh mar dhuine againn, agus bhí sé páirteach sa mhinistreacht seo againne.

18. (Anois cheannaigh an duine sin páirc lena chuid airgid lochtaigh; agus thit sé i mullach a chinn, gur phléasc sé ó chéile ina lár agus gur sciurd a inní as.

19. Agus bhí a fhios ag lucht áitrithe Iarúsailéim uile, ionas gur tugadh ina dteangasan Aceldama, is é sin Páirc na Fola, ar an bpáirc sin.)

20. Mar tá sé scríofa i leabhar na Salm,‘Bíodh a áitreabh ina fhásach,ná bíodh cónaí ar dhuine ann;’agus‘Glacadh fear eile a oifig.’

21. Caithfidh mar sin fear a bhíodh inár gcuideachta i rith an ama ar fad a mbíodh an Tiarna Íosa ag teacht agus ag imeacht eadrainn,

22. ag tosú ón lá ar bhaist Eoin é go dtí an lá ar ardaíodh uainn go neamh é—caithfidh fear acusan a bheith ina fhinné ar a aiséirí maraon linne.”

23. Agus chuir siad dís chun tosaigh, Iósaf a ngairtí Barsabas de, a raibh Iustus, .i. ceart, mar shloinne aige, agus Maitias.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 1