Tiomna Nua

Gníomhartha 1:14-26 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

14. Bhi siad seo uile le chéile gan aird acu ar aon ní ach ar an urnaí, iadsan agus an bhantracht agus Muire máthair Íosa agus a dheartháireacha leo.

15. Ba sna laethanta úd a d'éirigh Peadar ina sheasamh i measc na mbráithre (bhí siad timpeall céad agus fiche duine ann le chéile), agus is é a dúirt sé,

16. “A bhráithre, b'éigean an scríbhinn diaga a fhíorú, a labhair an Spiorad Naomh roimh ré trí bhéal Dháibhí, sa mhéid a bhaineas le hlúdás a bhí mar threoraí ag an dream a ghabh Íosa.

17. Mar bhí sé á chomhaireamh mar dhuine againn, agus bhí sé páirteach sa mhinistreacht seo againne.

18. (Anois cheannaigh an duine sin páirc lena chuid airgid lochtaigh; agus thit sé i mullach a chinn, gur phléasc sé ó chéile ina lár agus gur sciurd a inní as.

19. Agus bhí a fhios ag lucht áitrithe Iarúsailéim uile, ionas gur tugadh ina dteangasan Aceldama, is é sin Páirc na Fola, ar an bpáirc sin.)

20. Mar tá sé scríofa i leabhar na Salm,‘Bíodh a áitreabh ina fhásach,ná bíodh cónaí ar dhuine ann;’agus‘Glacadh fear eile a oifig.’

21. Caithfidh mar sin fear a bhíodh inár gcuideachta i rith an ama ar fad a mbíodh an Tiarna Íosa ag teacht agus ag imeacht eadrainn,

22. ag tosú ón lá ar bhaist Eoin é go dtí an lá ar ardaíodh uainn go neamh é—caithfidh fear acusan a bheith ina fhinné ar a aiséirí maraon linne.”

23. Agus chuir siad dís chun tosaigh, Iósaf a ngairtí Barsabas de, a raibh Iustus, .i. ceart, mar shloinne aige, agus Maitias.

24. Agus rinne siad urnaí agus dúirt siad, “A Thiarna, ar léir duit croíthe na ndaoine, nocht dúinn cé acu den dís seo a thogh tú

25. leis an ionad sa mhinistreacht agus san aspaltacht seo a ghlacadh ar chlaon Iúdás uaidh, le dul go dtí an áit ba dhual dó.”

26. Agus chaith siad crainn orthu, agus is ar Mhaitias a thit an crann; agus ainmníodh é mar aspal leis an aon aspal déag.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 1