Tiomna Nua

Gníomhartha 1:1-11 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Rinne mé trácht i mo chéad leabhar, a Theophilas, ar chéad ghníomhartha Íosa agus ar a theagasc tosaigh,

2. go dtí an lá ar iompraíodh in airde go neamh é, i ndiaidh é aithne a thabhairt tríd an Spiorad Naomh do na haspail a bhí tofa aige.

3. Is iomaí cruthúnas atá leis gur fhoilsigh sé é féin dóibh agus é beo i ndiaidh a pháise, agus go mbíodh sé á thaispeáint féin dóibh i rith daichead lá, agus go labhraíodh sé leo i dtaobh ríocht Dé.

4. Agus nuair a bhí sé ina gcuideachta, d'ordaigh sé go dian dóibh gan imeacht as Iarúsailéim, ach bheith ag fanacht ansin le fíorú ghealltanas an Athar, “an gealltanas sin,” ar seisean, “ar chuala sibh mé ag caint air, mar

5. bhíodh Eoin ag baisteadh daoine le huisce, ach ní rachaidh mórán laethanta thart go dtí go mbeidh sibhse do bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh.”

6. Mar sin de, nuair a bhí siad i gceann a chéile, d'fhiafraigh siad de, “A Thiarna, an anois a thabharfaidh tú arís d'losrael an ríocht a bhíodh aici?”

7. Ar seisean leo, “Ní dual daoibhse fios a fháil ar na haimsirí ná ar na trátha atá socraithe ag an Athair agus a bhfuil sé féin mar údar leo.

8. Ach ní fhágann sin nach mbeidh cumhacht á tabhairt daoibh nuair a thiocfas an Spiorad Naomh oraibh; agus nach mbeidh sibh in bhur bhfinnéithe agamsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdaea agus i Samária agus go leithimeall an domhain.”

9. Agus ní luaithe a bhí sin ráite aige ná tógadh den talamh é, agus iad ag amharc air, agus d'ardaigh néal leis é as a n‑amharc.

10. Agus nuair a bhí a súile go fóill ag stánadh in airde sa spéir an bealach a d'imigh sé, b'shiúd beirt fhear faoi éadaí gealbhána ina seasamh lena dtaobh,

11. a dúirt leo, “A fheara as Galailí, cad chuige daoibh fanacht in bhur seasamh ag amharc mar sin in airde sa spéir? Tiocfaidh an tÍosa seo chugaibh ó neamh, a tugadh uaibh go neamh, ar an nós céanna ar imigh sé.”

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 1