7. Nuair nach raibh stad orthu ach ag brú na ceiste air, d'éirigh sé aníos agus dúirt sé leo, “An duine atá saor ó pheaca eadraibh caitheadh seisean an chéad chloch léi.”
8. Agus chrom sé é féin arís agus scríobh sé lena mhéar sa talamh.
9. Ach nuair a chuala siad sin, d'éalaigh siad leo, ina nduine agus ina nduine, ag tosú leis an té ba shine, gur fágadh Íosa gan aige ach é féin agus an bhean ina seasamh roimhe agus a haghaidh air.
10. Thóg Íosa a shúile agus dúirt sé léi, “A bhean úd, cár imigh siad? An é nár thug aon duine daorbhreith ort?”
11. Agus ar sise, “Níor thug aon duine, a Thiarna.” Agus dúirt Íosa, “Ní thugaim daorbhreith ort ach oiread; imigh leat, agus ná déan peaca arís.”
12. Labhair Íosa leo arís, agus dúirt sé, “Is mise solas an domhain; an té a bhíos do mo leanúint ní shiúlfaidh sé sa dorchadas, ach beidh solas na beatha aige.”
13. Dúirt na Fairiséigh leis ansin, “Is ag tabhairt fianaise fút féin atá tú; ní fírinneach an fhianaise seo agat.”
14. D'fhreagair Íosa, “Más fúm féin a thugaim m'fhianaise, ní fhágann sin nach fíor í m'fhianaise, mar tá a fhios agam cá has a dtagaim agus cá bhfuil mo thriall, agus níl fhios agaibhse cá has dom nó cá bhfuil mo thriall.
15. Tugann sibh bhur mbreithiúnas mar a insíos an cholainn daoibh, ach ní thugaimse breith ar aon duine.
16. Agus dá dtabharfainn breith féin, is fíor an bhreith í, mar ní mise amháin a bhíos ag tabhairt na breithe, ach mise agus an té a chuir uaidh mé.