Tiomna Nua

Eoin 8:28-42 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

28. Dúirt Íosa dá bhrí sin, “Nuair a bheas Mac an duine ardaithe agaibh, beidh a fhios agaibh gur mise é, agus nach mbím ag déanamh aon ní uaim féin ach go mbím ag labhairt mar a mhúin an tAthair dom,

29. agus an té a chuir uaidh mé tá sé i mo chuideachta, níor fhág sé i m'aonar mé, mar déanaim i gcónaí an ní is taitneamhach leis.”

30. Nuair a dúirt sé an chaint sin, chreid mórán daoine ann.

31. Duirt Íosa ansin leis na Giúdaigh a raibh a gcreideamh curtha acu ann, “Má fhanann sibh umhal do mo bhriathar, tá sibh in bhur ndeisceabail agam i bhfírinne,

32. agus beidh fios na fírinne agaibh, agus tabharfaidh an fhírinne an tsaoirse daoibh.”

33. Ach is mar seo a d'fhreagair siad é, “Síol Abrachaim sinne, nach raibh i ndaoirse riamh do dhuine ar bith. Conas a fhéadann tú sin a rá, ‘tabharfar bhur saoirse daoibh’?”

34. Ba é freagra Íosa orthu, “Is fíor í an fhírinne atá á rá agam libh, níl duine dá ndéanann peaca nach bhfuil ina dhaor i ndaoirse an pheaca.

35. Ní fhanann an daor sa teach i gcónaí ach fanann an mac i gcónaí.

36. Mar sin más é an Mac a scaoileas saor sibh, beidh sibh saor dáiríre.

37. Tá a fhios agam gur de shliocht Abrachaim sibh; ach bíonn sibh ag iarraidh mé a mharú, ar an tsiocair nach réitíonn mo bhriatharsa libh.

38. De réir mar a chuala mé ag m'Athair a bhíos mo bhriathar, agus mar a chuala sibh ag an athair is agaibhse a bhíos bhur ngníomh.”

39. Thug siad freagra air ansin, “Is é Abracham ár n‑athair.” Arsa Íosa leo, “Dá mba chlann Abrachaim sibh, dhéanfadh sibh mar a rinne Abracham,

40. ach anois tá sibh ag iarraidh mé a mharú, duine nár inis daoibh ach an fhírinne a chuala mé ó Dhia; ní hé sin an rud a rinne Abracham.

41. Bíonn sibhse ag déanamh an ní a rinne bhur n‑athair.” Dúirt siadsan leis, “Ní páistí gréine agat sinne; níl ach an t‑aon Athair againn, agus sin Dia é féin.”

42. Arsa Íosa leo, “Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh dom, mar is ó Dhia a chuaigh mé amach agus a tháinig mé chugaibh; ní de mo dheoin féin a tháinig mé, ach is é a chuir chugaibh mé.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 8