Tiomna Nua

Eoin 8:13-21 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

13. Dúirt na Fairiséigh leis ansin, “Is ag tabhairt fianaise fút féin atá tú; ní fírinneach an fhianaise seo agat.”

14. D'fhreagair Íosa, “Más fúm féin a thugaim m'fhianaise, ní fhágann sin nach fíor í m'fhianaise, mar tá a fhios agam cá has a dtagaim agus cá bhfuil mo thriall, agus níl fhios agaibhse cá has dom nó cá bhfuil mo thriall.

15. Tugann sibh bhur mbreithiúnas mar a insíos an cholainn daoibh, ach ní thugaimse breith ar aon duine.

16. Agus dá dtabharfainn breith féin, is fíor an bhreith í, mar ní mise amháin a bhíos ag tabhairt na breithe, ach mise agus an té a chuir uaidh mé.

17. Sa dlí is agaibhse tá sé scríofa gur fíor í fianaise bheirte;

18. bímse ag tabhairt fianaise orm féin, agus bíonn an tAthair a chuir uaidh mé ag tabhairt fianaise orm.”

19. D'fhiafraigh siad de dá bhrí sin, “Cá bhfuil an tAthair sin agat?” Ba é a d'fhreagair Íosa, “Níl aithne agaibh ormsa ná ar an Athair; dá mbeadh aithne agaibh ormsa, bheadh aithne agaibh ar m'Athairse freisin.”

20. Ba i seomra an chiste a labhair sé na briathra sin, agus é ag teagasc sa teampall; agus ní raibh sé de dhánacht ag aon duine a ghabháil, ó nár tháinig a uain fós.

21. Dúirt sé leo aris, “Tá orm imeacht as seo, agus rachaidh sibh ar mo lorg agus gheobhaidh sibh bás agus bhur bpeaca oraibh; an áit a dtéimse, ní fhéadann sibh teacht.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 8