1. ach chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg.
2. D'fhill sé ar an teampall ar mhoch maidine; tháinig na daoine uile chuige, agus shuigh sé faoi agus theagasc sé iad.
3. Thug na scríobhaithe agus na Fairiséigh leo bean ar rugadh uirthi i n‑adhaltranas, agus chuir siad í i gceartlár an chruinnithe
4. agus dúirt leis, “A Oide, thángthas ar an mbean seo le linn na coire agus í ag déanamh adhaltranais.
5. Anois tá sé ordaithe dúinn ag Maois sa dlí a leithéidí a chur chun báis le clocha. Cad é atá le rá agat ina taobh?”